Friday, December 4, 2009

Chuir mé an feabhsaitheoir sa mhiasniteoir trí thimpiste!

Tháinig na staighre dár dteach úr inniu. Tá na doirsí crochta, na hurláir thíos, an chistin agus na seomraí folctha istigh agus beidh an trioc ag teacht an tseachtain seo chugainn. Nach mise atá ag súil leis an Nollaig! Bhí mí thar a bheith gnóitheach agam agus níl de dhíth orm anois ach sos agus scíste.
Bhí na páistí sa tobán tráthnóna. Is breá leo é, an triúr acu ag titim thar a chéile san uisce, ag splaiseáil agus ag scairdeadh uisce ormsa ná ar Mhamaí. Ní bhíonn aon deacracht iad a chur isteach ann, ach is gnách go mbíonn roinnt deor ann ar theacht amach dóibh.
Tá gruaig Mhargaret i ndiaidh éirí beagainín fada le tamall anuas agus bíonn deacrachtaí aici le clibíní ina gruaig. Leis an fhírinne a inse, ní bhíonn deacracht ar bith aici-sean leo, ach bíonn deacrachtaí agamsa leo, agus suím gach oíche chun iad a scuabadh amach. Thosaigh muid le gairid ag cur 'conditioner' ina gruaig agus tá sé ag oibriú amach go breá. Laghdú mór ar líon na gclibíní agus is fusa i bhfad ormsa é a cuid gruaig a scuabadh.
Tá fadhb ag mo ghirseach bhocht leis an fhocal, áfach. Ar dhóigh inteacht tá sé doiligh uirthi an fhuaim a fháil i gceart. "Con-dick-in-er" a bhí aici cúpla lá ó shin, "Con-dishwasher" a bhí aici anocht. Ní ag magadh atá mé!

Chuir sé mé ag smaoineamh ar na focail sin a bhíonn in úsáid againn. "Conditioner" agus "Dishwasher". Cé gur trí Ghaeilge atá na páistí á dtógáil againn, tá neart focal Béarla den chinéal thuas in úsáid againn. B'éigean domh 'focal.ie' a chuartú chun 'feabhsaitheoir' a fháil ar chonditioner agus bhí tuairim agam cheana féin gur 'miasniteoir' a thugtar ar dishwasher. Domhsa tá na focail sin go hiomlán mí-nadúrtha agus ní úsáidfinn riamh iad i ngnáthchaint. Seans gur falsacht teanga atá ann, ach tá fhios agam dá ndéarfainn leithéidí: "Chuir mé an feabhsaitheoir sa mhiasniteoir trí thimpiste" sa bhaile, go mbeadh daoine ag amharc orm amháil is go raibh dhá chloigeann orm.
An bhfuil gá i ndáiríre focal nua a chumadh chun freagra a thabhairt ar achan fhocal Béarla atá ann? Sílim uaireanta go mbeadh muid ní b'fhearr as glacadh le hiasachtaí ón Bhéarla, mar a bhí á dhéanamh againn le 500 bliain anuas, in áit focail a chumadh nach mbíonn comhthéacs acu i stair labhartha ná liteartha na teanga!
An teanga bheo í i ndáiríre má chaithfidh muid fanacht ar an Choiste Téarmaíochta nó ar fhoireann Fiontar chun focal a sholathár dúinn?

11 comments:

  1. Go maire sibh an teach nua!

    Bhí mé trí chéile ag teideal an phoist seo. Níor chuala mé “miasniteoir” riamh ach bhí mé in ann an focal a bhaint as a chéile agus a thuiscint. Ach “feabhasaitheoir”? Chuir tú an “improver” sa mhiasniteoir???

    ReplyDelete
  2. Aontam leat a Phroinsiais, chan gá focal úr a chumadh achan uair. B'fhéidir an focal iasachta a Ghaelú : coindisionar, disbhaisear nó rud ineacht mar sin. Sin a rud a ghníthear ó thús na staire...

    ReplyDelete
  3. An suimúil..cad a cheapadh sibh don Gaeilge mar shampla ar Facebook? agus an eagran gaeilge do Firefox?Is there something positive to be said for neo-logisms as Gaeilge??

    ReplyDelete
  4. Tá an béarlachas go mór i bhfeidhm sa Ghearmáinis le roinnt blianta anuas agus faiseanta do dhaoine óga nathanna Béarla a shá isteach ina gcuid cainte.

    I réimse na teicneolaíochta faisnéise is mó a úsáidtear an béarlachas - ach cloítear anseo is ansiúd le corrfhocal Gearmánach freisin.

    Feictear dom gur i gcás téarmaí a bhfuil an dá leagan ann go mbíonn saghas comórtais idir an dá focal uaireanta. Bím ag obair mar úsáideoir le SAP agus mé ag dul i mbun gabháil scáileáin a dhéanamh bíonn "screenshot" ar an roghchlár anuas uair amháin, "Bildschirmabgriff" an uair eile agus "screenshot" an uair dár gcionn.

    ReplyDelete
  5. Níl aon deacracht ar bith ag na hIodálaigh focail ó theangachaí iasachta a úsáid ní hamháin sa teanga labhartha ach fiú sa teanga scríofa, agus is rud deas nádúrtha é. Agus sin ráite is leasc leis na Francaigh iasachtaí a úsáid. Aontaím libh - fuaimíonn a bhfuil molta agus scríofa ag Lughaidh thuas i bhfad níos nádúrtha ná na focail nua-chumtha oifigiúla.

    ReplyDelete
  6. Is dócha nach bhfuil aon réiteach furasta ar an cheist. Tá gá le caighdéanú de chinéal inteacht ach go hiondúil an focal a chuirtear ar fáil, ní bhíonn sé sásúil nó nadúrtha agus le bheith fírinneach níl fhios agam cé chomh forleathan is a ghlactar leis na téarmaí nua seo (sa ghnáthchaint, cibé ar bith).
    Sílim uaireanta go gcaitear i bhfad barraíocht ama ag iarraidh téarmaí a aimsiú do leithéidí NAMA agus go ndéantar neamart ar bhéarlagar na linne. Cén téarma atá ar 'cool', 'busted', 'hip', 'so yesterday like!'??? Sílim ar bhealach amháin gur cur amú ama a bheith ag iarraidh téarmaí nua a chruthú do rudaí mar seo. Tá deacrachtaí fosta a bheith ag iarraidh dul fríd corpas stairiúil na Gaeilge chun teacht ar théarmaí gaolmhara mar ní bheadh aon ghlacadh le sin i measc na n-óg.
    Tá deacrachtaí ag mo mhacsamháil, a bhíonn ag scríobh thall is abhus. Ba mhaith liom béarlagar réalaíoch nadúrtha a chruthú, ach tá mé tachtaithe ag an chaighdéan oifigiúil agus ag FGB Uí Dhónaill. Chuirfeadh sé iontas an méid eagarthóirí, foilsitheoirí etc a bhfuil an caighdéan oifigiúil ina leannán acu. Sampla amháin ó mo thaithí féin. Sa 2 leabhar deireanach atá scríofa agam tá carachtar ann 'Daideo'. 'Graindea' an t-ainm a bhí agamsa i gcónaí ar 'Grandad', ní raibh an focal 'Daideo' cloiste agam riamh go dtí le gairid, ach dar leis an chaighdéan, níl a leithéid d'fhocal ann is 'Graindea'. Níl foilsitheoirí ró-shásta focail mar sin a chur i gcló. "Má tá duine á léamh agus nach dtuigeann an focal, ní bhfaighidh siad san fhoclóir é", a deirtear liom. Seans go bhfuil pointe acu, ach b'éigean domhsa glacadh le focal a bhí go hiomlán mínadúrtha domhsa agus nach dtuigfidh mo chuid páistí ach an oiread nuair atá an scéal á léamh agam dóibh. Tá géarghá le foclóir cuimsitheach ar líne againn, gur féidir a leasú go gasta. Go dtí go dtarlaíonn sé beidh fadhbanna ann.

    ReplyDelete
  7. I dteach s'againne cuireann muid greamaitheoirì ar rudaì.

    B'fhearr linne focail Gaeilge a ùsàid a bheag nò mhòr ach tig rudaì Bèarla isteach in amannaì is dòcha.

    Tà gearghà le foclòir ar line dìrithe ar dhaoine atà ag tògàil pàiste le Gaeilge. Cainteoirì dùchais san aireamh - dar liomsa.

    Bheadh suìomh idirlìn (nò bhèibsiodht màs maith leat) dìrithe ar an cheist iontach ùsàideach.

    ReplyDelete
  8. Cuirim 'nìteoir soitheach' ar an disbhaiseoir. Thàinig sè amach là amhàin agus tà mè ag cloì leis cè go bhfuil a fhios agam go maith gur Bèarlachas atà ann - ach silim go dtuigeann pàiste cad tà i gceist nìos fearr na dishwasher.

    Cad è conditioner chan fhuil a fhios agfam, cuirfidh mè ceist uirthi taobh istigh.

    ReplyDelete
  9. Pointe amhàin eile, gaibhigì mo leithscèal ach is fèidir le haonduine moladh a thabhairt don choiste tearmaìochta. Mà deirtear leo - seo Gaeilge Arann Mhòr ar X tà gach seans go nglacfaidh siad leis.

    ReplyDelete
  10. Diarmaid > Droch-Ghaeilg atá ar Facebook don chuid is mó. Tá cuid mhór meancóg gramadaí ins na haistriúcháin a rinneadh. Níl's agam cé a rinn iad ach ba chóir sin a cheartú siocair go gcurann siad isteach orm...

    ReplyDelete
  11. Nach mba chóir duit féin an t-aistriúchán ar Facebook a cheartú, a Lughaidh? Ba mhaith liom ach níl an t-am agam.

    Panu

    ReplyDelete