Sunday, January 31, 2010

Bratach Bhríde Orainn

Seo an fhéile is fearr liom sa bhliain - Oíche na Féile Bríde. Níl aon tráchtálachas ag baint léi mar fhéile, agus tá sé ar maos sna sean-traidisiúin, sa cheantar seo cibé ar bith.
Tá sé de nós againn cuireadh a thabhairt do na comharsana agus cairde teacht isteach chun na crosóga a dhéanamh, tamall comhrá agus craic a dhéanamh, bruitín a ithe agus bratach Bhríde a chur amach. Bíonn oíche bhreá againn de ghnáth.
Ní raibh fonn orainn a bheith ag óstáil anocht agus a thit amach inné ag brú ar ár n-aigne go fóill. Bhí muid thíos ag an otharlann fá choinne aistriú na gcorp ag a sé a chlog agus bheadh sé ró-mhall fá choinne páistí cibé ar bith, faoin am a bheadh deireadh déanta ansin.
Mar a tharlaíonn, nuair a phill muid ar theach mo chol ceathrair a bhí ag amharc i ndiaidh na bpáistí dúinn, bhí na feagacha amuigh aige agus rinne muid na crosóga. Bhí lúchair orm. Is deas na seantraidisiúin a choinneáil beo. Ar shlí, is cuma faoi ghné an chreidimh a bhaineann leis. Is ceangal é leis na glúnta a chuaigh romhainn. Is deas smointiú, go raibh daoine á ndéanamh mar chrosóga, leis na céadta bliain agus seo muid á ndéanamh go fóill. Thug sé suaimhneas domhsa inniu, an ceangal beo sin leis na sluaite síoraí.
Tá na crosóga crochta agam agus cinn na bliana seo chuaigh thart dóite mar a ba chóir. Cuirfidh mé Bratach Bhríde amach roimh dhul a luí. Deireadh na seandaoine, dá gcroithfí é in am an ghátair go gcoinneodh sé slán ón chontúirt is ón urchóid thú. Bíodh go bhfuil blas láidir den phisreog ag baint leis mar nós, is maith liom é. Tá ár gcuid maidí croise féin de dhíth orainn uilig.


Ceann de na crosóga a rinne muid anocht!

2 comments:

  1. Scéal suaimhneach taréis deireadh seachtaine corraitheach ar na bóithre.

    ReplyDelete
  2. Tá an cruth breá ar an cheann sin thuas.

    D'fhoghlaim mé conas an chros a dhéanamh ó m'athair agus bhí sé de nós againn iad a dhéanamh i scoil, freisin. N'fheadar an bhfuilid á dhéanamh amhlaidh a thuilleadh.

    ReplyDelete