Wednesday, January 6, 2010

Seachaint na Nuachta

Ar ais i Leitir Ceanainn anocht i ndiaidh na Nollag agus na Bliana Úire. Bhí sé ag plúchadh sneachta anseo inniu, ach d'éirigh linn ár dteach beag ag barr Chnoc an tSionnaigh a bhaint amach.
Ní dhéarfainn gur clástrafóibe a tháinig orainn ach bhí an chuma ar rudaí go raibh muid sa mhullach ar a chéile anseo i Leitir Ceanainn tráthnóna. Millte ag an spás agus an fhairsinge a bhí muid le coicís anuas. Ar an drochuair, tá an obair dár dtarraingt ar ais chuig an bhaile mhór agus ní ligeann an drochaimsir dúinn taisteal ón oileán achan mhaidin.
Tá go leor cainte éadóchasaí ann ar na mallaibh. Tá an chuma ar Éire go bhfuil sí faoi chrann smola. Buíochas le Dia go raibh sé uilig ceillte orm thar thréimse na Nollag. Mholfainn d'achan duine Nollaig a chaitheamh gan teilifís, mar a chaith muidne. D'éirigh liom féin agus le mo bhean mhaith cúpla leabhar an duine a léamh, d'éirigh linn labhairt lena chéile agus neart fíona a ól. Ar an iomlán, Nollaig shuaimhneach phleisiúrtha a bhí ann. Mar sin, tá mé ag tabhairt aghaidh dhearfach ar an bhliain úr seo romhainn.
Rúin na bliana úire? Níor shocraigh mé ar aon cheann go fóill, ach tá mé ag déanamh go mbeidh seachaint na nuachta ina measc. Mar atá, ní cheannaím nuachtáin, tá mé ag smaoineamh go láidir ar éirí as a bheith ag amharc ar an nuacht ar an teilifís fosta. Tá sibhialtacht áirithe ag baint leis an nuacht ar an raidió, áfach. Ní mhúchfaidh mé sin go fóill!


6 comments:

  1. Tá mé faoi dhraíocht ag an radharc ó do theach nua!

    ReplyDelete
  2. Mise fosta, a Denis. Tá muid an-tógtha leis :-)

    ReplyDelete
  3. Táim chun gearán láidir a sheoladh chuig Un Toshka mar tá do thig ag milleadh an radhairc orm.

    Arra, ag magadh atáim. Bliain fé mhaise dhuit.

    ReplyDelete
  4. Níl aon leigheas ar sin ach teacht ar cuairt chugainn! :-)

    ReplyDelete
  5. Sin radharc iontach. Gaeltacht Thír Chonaill faoi scáth na hEaragaile agus na sléibhte máguaird.

    Ceart agat chomh maith nuacht a sheachaint.

    ReplyDelete
  6. Teach galánta, daoine uaisle istigh ann, agus radharc álainn - trí ní nach féidir a shárú!

    Sláinte agus suaimhneas síoraí agaibh uile ar bharr Chnoc an tSionnaigh, a Phroinsias!

    Le seachtain anuas, rinne mé mar a rinne tú féin, agus sheachain mé chuile nuacht, ach nuacht mo mhuintire. Tá dóchas sa dúchas...:-)

    ReplyDelete