Friday, February 12, 2010

Snow Stones & Night Boots!

Deirtear go minic go mbíonn ró-thionchar ag an Bhéarla ar an Ghaeilge. An mhalairt atá ag tarlú i dtigh s'againne le tamall anuas.
Tá Béarla measartha maith ag Margaret san am i láthair - ón Chreche agus ón TV is mó a fhaigheann sí é. Tá muid breá sásta go bhfuil sí ag foghlaim léi, cé gurb í Gaeilge teanga an tí, tuigimid go gcaithfidh an dara teanga oifigiúil a bheith aici fosta.
Inniu, chuala mé í ag caint ar "Snow Stones". Ghlac sé bomaite orm a thuigbheáil gur 'clocha sneachta' a bhí i gceist aici. Thug mé an focal ceart di, agus rinne muid beirt gáire faoi. An oíche faoi dheireadh bhí sí ag cuartú a "Night Boots". Iarracht a rinne sí Béarla a chur ar 'slipéirí'.
Is iontach mar a oibríonn a hintinn bheag. Sa chéad chás, ba aistriú díreach ón Bhéarla a rinne sí, ach sa dara cás, is cosúil gur coincheap a bhí á aistriú aici.
Beidh ábhar tráchtais agam sula mbeidh siad fásta!

4 comments:

  1. Iontach agus álainn agus ábhar tráchtais go cinnte, a Phroinsias. Dála an scéil, ar chuala tú faoi 'street cups' riamh?

    ReplyDelete
  2. Copóga sráide! Fear Gaeltachta a dúirt le fear nach raibh Gaeilge aige agus gan an focal 'docks' nó 'dock leaves' aige féin.

    ReplyDelete
  3. Is maith liom na scéalta beaga seo, a Phroinsias! Agus is mór liom an foclóir nua Béarla atá á chumadh ag Gaeilgeoirí óga...:-)

    ReplyDelete