Friday, March 26, 2010

Gaelscéal - Cá bhfuil sé?

Tá baile Leitir Ceanainn siúlta agam. Níl mé ábalta teacht ar chóip de Ghaelscéal in áit ar bith. Níl sé in Easons nó in aon cheann de na siopaí a ba ghnách leo Foinse a dhíol.
An é gur díoladh gach cóip roimh 10 a chlog ar maidin nó an é go bhfuil neamart a dhéanamh don Iarthuaisceart? Glacaim leis go bhfuil roinnt fadhbanna dáiliúcháin ann go fóill.

6 comments:

  1. Níl sé anseo i mBun Cranncha fós,a Phroinsias, ach ní dóigh liom go mbaineann an fhadhb, cibé fadhb í, leis an iarthuaisceart amháin, de réir mar a chuala mé ar an raidió ar maidin.

    ReplyDelete
  2. Idir an dá linn tháinig mé ar an leagan leictreonach ar líne, a Áine. Cuma an-mhaith air.
    Is dócha go nglacfaidh sé tamall orthu na fadhbanna dáiliúcháin a réiteach.

    ReplyDelete
  3. An tURL, led thoil? Thug mé “gaelscéal” mar fhocal cuardaigh do Ghoogle, agus níor aimsigh sé an suíomh dom.

    ReplyDelete
  4. Tá an t-eagrán sin ar fáil ar líne:
    http://www.gaelsceal.ie/

    ReplyDelete
  5. Bhí an nasc sin feicthe agam, a Phroinsias, go raibh maith agat, ach fanfaidh mé go mbeidh an nuachtán féin i mo lámha agam sula léifidh mé an rud ina iomlán.

    Breathnaíonn sé go breá, agus táim cinnte go mbeidh na fadhbanna dáiliúcháin sin réitithe acu gan mhoill. Ón méid atá le feiceáil go dtí seo, is léir, domsa ar aon nós, go bhfuil daoine cumasacha taobh thiar de Ghaelscéal.

    ReplyDelete
  6. Coipeanna crua aimsithe agam ar an Chlochan Liath! :-)

    ReplyDelete