Thursday, April 1, 2010

Na Riabhaigh

Tarlaíonn sé corruair go mbíonn focal ann atá cloiste agam leis na blianta agus nuair a théim chuig an fhoclóir go mbíonn deacracht agam é a aimsiú. Tharla sin inniu i gcás "Na Riabhaigh". Níl fhios agam an bhfuil sé i gceart agam, seans gur "Na Ribigh" a ba cheart a bheith ann. Sin ráite, níl tugtha ag gearrfhoclóir Uí Dhónaill ach na focail 'riabhach' agus 'ribeach' mar aidiachtaí, ní mar ainmfhocail, seans nach ann (go hoifigiúil) don fhocal ar chor ar bith. Níl teacht agam anocht ar mhórfhoclóir Uí Dhónaill, Duinín nó na gnáthfhoinsí eile.
Ar scor ar bith, tá na Riabhaigh ann san am i láthair. Bhí m'uncail ag déanamh tagairt díobh inniu agus ba é a chur i gcuimhne domh iad. Na 'borrowings' a thugtar orthu, sílim, i mBéarla. Laethanta a ghoideann Mí an Mhárta ó Mhí Aibreáin. De réir an tseanchais, is cosúil go mbíonn troid idir an dá mhí mar gheall ar laethanta deireanacha Mhárta agus laethanta tosaigh Aibreáin - na Riabhaigh!
Is gnách go mbíonn drochaimsir ann ag an am seo den bhliain, fhad is a bhíonn an dá mhí i mbun comhraice. Dar ndóigh, bhí cuid den aimsir is measa dá bhfaca muid le tamall againn sa taobh seo tíre le lá nó dhó anuas. Bhí an fharraige ar mire glan agus daoine sa bhaile ag rá nach bhfaca siad aimsir farraige mar í le fada an lá. Sin an comhthéacs inar luadh na Riabhaigh anocht. Bítear ag súil le drochaimsir ag an am seo bliana ach bhí sí níos measa ná mar a bhíonn de ghnách i mbliana.
Bhfuil aon duine amuigh ansin ábalta cuidiú liom an litriú ceart a aimsiú? Tá mo chuid foinsí agus leabhair thagartha ar tír mór.

6 comments:

  1. aimsir riabhach dismal, variable weather.

    ribeach (Of weather) Nipping, bitingly cold.

    - FGB

    Bhíodh beagnach gach aidiacht inúsáidte mar ainmfhocal i bhfad ó shin. Tá cuid den solúbthacht sin fágtha againn, agus más buan mo chuimhne, bhí Máirtín Ó Cadhain i bhfách len é sin a thabhairt ar ais. Dúirt sé rud éigin faoi seo in “Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca”.

    ReplyDelete
  2. Chuir mé ceist ar an Dómhnallach faoin bhfocal 'riabhaigh' sin, agus dúirt sí go bhfuil ’Laethanta na bó riabhaigh’ acu sa chaint i gConamara, 'sin na trí lá ag deireadh Mhárta/tús Aibreáin agus deirtear go mbíonn an aimsir fuar fliuch feannta na laethanta sin' agus go ndeirtear ‘siad laethannta na bó riabhaigh iad’.

    Go raibh maith agat, a Phroinsias. Is breá liom na nathanna cainte seo a chloisteáil.

    ReplyDelete
  3. Ahá! Chuaigh mé go Google leis na focail "na bó riabhaí" agus fuair mé dhá leagan den scéal in aon áit amháin, mar atá Vicipéid. Píosa deas béaloidis!

    ReplyDelete
  4. "The reevies" nó "the reevy days" nó rud éigin mar sin a tugtar / thugtaí orthu i mBéarla Chiarraí

    ReplyDelete
  5. Tá sé an-suimiúil an dóigh go raibh aidiachtaí inúsáidte mar ainmfhocail san am a chuaigh thart. Ní raibh fhios agam sin ach nuair a smaoiním air, is dócha go bhfuil samplaí againn go fóíll: "Bhí beag agus mór ann", "Bhí idir óg is aosta ann", "Shíl sé an mór den bhean."

    ReplyDelete
  6. Bhí mé go díreach ag smaointiú ar na laethanta sin inniu. Gearradh an leictreachas orm inné de thairbhe na gaoithe móire agus níor smaointigh mé riamh gurbh í an tseanbhó riabhach ba chúis leis go dtí aréir. Ach ba í a bhí ann ceart go leor.
    Lillis

    ReplyDelete