Monday, May 24, 2010

An Traonach!

Tá an traonach linn arís agus é ag scairtigh seanard a chinn sa pháirc thíos uainn. Is iontach liom crex crex a chluinstin. An samhradh seo caite, bhí ar a laghad 4 phéire cloiste agam in áiteanna éagsúla ar an oileán. Comhartha cinnte go bhfuil an samhradh linn.
Comhartha dóchais fosta, sílim. Bhí an t-éan bocht seo i mbaol a éaga cúpla bliain ó shin. Bhí blianta ann nach raibh sé le cloisteáil ar chor ar bith, anois is cosúil go bhfuil aiséirí déanta aige!

Crex Crex

4 comments:

  1. Iontach an scéal é seo. Tá sé na blianta ó chuala mé í. In Árainn cheapfainn ach nílim cinnte - an Árainn eile ní an Árainn seo agaibhse.

    ReplyDelete
  2. Cuireann siad m'óige i gCeantar na nOileán i gcuimhne dom, ach ní chloisim anseo in Inis Eoghain iad, más ann dóibh.

    ReplyDelete
  3. Deir eolaithe áirithe gur gaolta iad a leithéid de CRex agus T-Rex...
    Anois, an dóigh leat go raibh traonach ar bord traenach riamh?

    ReplyDelete