Monday, August 16, 2010

An tÚll Mór

Ar ais arís i ndiaidh seachtain dheas a chaitheamh sna Stáit Aontaithe.
Is suimiúil go deo an chathair í Nua Eabhrac agus is fiú d'éinne cuairt a thabhairt uirthi. Níl fhios agam ar mhaith liom a bheith i mo chónaí go buan inti ach sin mé ag smaointiú liom féin a fhad is a bhí mé ann - nach trua nár chaith mé cúpla mí san áit seo nuair a bhí mé níos óige, nuair a bhí mé gan chúram!
Rud amháin a chuir mé suntas ann nó chomh cairdiúil is a bhí na daoine ann. D'iompair mise an steireatíp liom go raibh muintir Nua Eabhraic garbh, mífhoighneach, crua-chainteach etc etc. Bhí gach duine a casadh orainn múinte, cainteach, cuidiúil agus pléisiúrtha. Seans go raibh cuid acu ag iarraidh orainn rudaí a cheannach uathu, ach fós féin, níor casadh oiread is duine amháin orainn a bhí drochmhúinte trodach.
Chaith muid tamall ar Ellis Island. Tá áiseanna iontacha acu ansin chun daoine a chuaigh fríd a aimsiú. D'éirigh liom m'athair mór a aimsiú, é féin agus a dheartháir Philip a bhí ann sa bhliain 1923. Bhí cuid mhór eolais ann fúthu. D'fhág siad Londonderry ar an 21 Aibreán 1923 ar bord an Tuscania agus tharraing siad isteach i Nua Eabhrac ar an 1 Bealtaine. Thug m'athair mór le fios go raibh léamh agus scríobh an Bhéarla aige. Tugadh le fios go raibh gruaig fhionn agus súile léithe aige, go raibh a shláinte go maith, gur sheas sé 5'11'' in airde agus go raibh sé ar a bhealach chun fanacht lena dheartháir Pádraig ag 348 Avenue C, Bayonne, New Jersey.
Rinne mé rud beag taighde bhreise agus tá an teach ina sheasamh go fóill. Tógadh é sa bhliain 1920. Teach trí stór liath atá ann ach ní leis an teaghlach níos mó é. Cé go bhfuil cúpla duine muinteartha agam go fóill i New Jersey, ní dheachaigh muid amach a fhad leis an teach de cheal ama!
Níl fhios agam cén Ghaeilge atá ar jet-lagged, ach tá sé orm go fóill. Tuilleadh faoi seo ar ball.

5 comments:

  1. Bhraitheas níos shábháilte i lár Manhattan istoíche agus mé ann ná mar a bheinn ar Shráid Washington i gCorcaigh go déanach ar an deireadh seachtaine.

    "Jet lag" - "tuirse aerthurais" de réir focal.ie, ach is aistriúchán leamh "lag" é sin dar liom. Caithfidh go bhfuil leagan níos deise ann.

    ReplyDelete
  2. Luífeadh "scaird-laigeacht" níos fearr liom, go h-áirithe le shiméadracht idirtheangach "lag" an Bhéarla le "lag" an Ghaeilge.

    ReplyDelete
  3. Tá áthas orm gur bhain sibh sult as Nua-Eabhrac. Ach ná dearmad nach bhfuil ann ach oileán plódaithe amháin ar chósta Mheiriceá, slis an-bheag den tír seo.
    ;-)

    ReplyDelete
  4. Tá fhios agam sin go maith a Denis. Is í Chicago an chéad áit eile ar mo liosta taistil agus ina dhiaidh sin cá bhfios?

    ReplyDelete
  5. Na Páirceanna Náisiúnta móra in iarthar na tíre, ar ndóigh! Yosemite, Grand Canyon, Zion, agus mar sin de. Tá an chuid is áille den tír san iarthar, cosúil le hÉirinn!

    ReplyDelete