Bhí Cití i ndiaidh a bheith amuigh ag siúl ó mhaidin. Í costarnocht, rinne sí a bealach ó Ghaoth Dobhair go hAonach an Chlocháin Léith beart stocaí ar a droim léi le díol, í ag spágáil fríd an tsneachta i rith an lae. Bhí sé doiligh beatha a thabhairt i dtír na laethanta sin ach ní raibh a athrach saoil ann do mhná na háite.
Bhí sé ag dul ó sholas nuair a phill sí ar an bhaile agus cé casadh uirthi amuigh ag beathú na gcearc ach Peigí.
"Áiriú, a Chití, tá tú conáilte. Come in an' warm yir feet."
"Maise, 'Pheigí, ní mo phit atá ag cur isteach orm ar chor ar bith ach mo chosa!"
Boom boom!
Ceann maith. Graosta? Ní dóigh liom é. (Ach is cinnte go raibh a spága salach tar éis lá mar sin a chuir isteach)
ReplyDeleteAn-mhaith :)
ReplyDeleteAch thóg sé nóiméad dom é a fháil.
ASG! Tús maith curtha le mo lá agat, a Phroinsias...:-)
ReplyDeleteA Dhualtaigh, chuirfeadh sé iontas ort an méid uaireanta a d'inis mise an jóc sin fríd na blianta agus nach bhfuair mé ach 'blank stares' mar a déarfadh sa Bhéarla!
ReplyDeleteCaithfidh sé go bhfuil lucht léitheoireachta soifisticiúil agam anseo :-)
Is cuimhin liom ceolchoirm a thug Tony McMahon roinnt blianta ó shin. I'm going to play a tune now called 'Pis Fhliuch'. Ní raibh aon fhreagairt ón lucht éisteachta. 'Blank stares' mar a deir tú, a Phoinsias. Not many Irishspeakers here tonight, arsa Tony. Ní raibh dóthain dínn ann le difear a dhéanamh, is dócha.
ReplyDeleteIs tú an fear salach. An gliondar dátheangachais! :)
ReplyDeleteTut tut a mháistir, d'fhéadfá le súile bheaga an salachar seo a léamh :)
ReplyDeleteIs minic a chuala mé níos measa uaitse agus ó do chairde a Choilm, agus sibhse chomh beag sin ag an am!!!
ReplyDelete