Tuesday, February 1, 2011

Bratach Bhríde Orainn!

Bhí oíche phléisiúrtha againn anocht. Chruinnigh na comharsana isteach agus rinne muid na crosóga. Tá an oíche seo ar cheann de na hoícheanta is fearr liom sa bhliain. Bhí na páistí ag cur suime i ndéanamh na gcrosóg anocht den chéad uair, iad mór go leor leis na feagacha a lúbadh. Ceann ciotach déanta ag Margaret agus ceann a raibh tarrtháil mhór de dhíth air déanta ag Dan.
Ar ndóigh cuid den oíche i dtigh s'againne is é an comhrá agus airnéal, rud a d'fhág na páistí mall ag dul a luí. Óladh cúpla deoch agus, cé nach ndearna muid brúitín ar bith i mbliana, itheadh ár sáith.
Tá an tEarrach linn a chairde, agus beidh na laethanta ag dul chun síneadh. Bhí mé ag éisteacht le daoine ag caint faoi choiscéimeanna coiligh le cúpla seachtain anuas, beidh siad le feiceáil i gceart feasta!
Tá na crosóga crochta, an bhratach fágtha amuigh agus é in am soip, ach fágfaidh mé sibh le paidir na féile:
"Gabhaigí ar bhur nglúine,
fosclaigí bhur súile
agus ligigí isteach Bríd bheannaithe!"

4 comments:

  1. Tá mo bhratach istigh anois...:-)

    ReplyDelete
  2. Tuigim an crosóga - tá ceann acu ar crochadh sa chistin againn. Ach cad é an bhratach (i gcomhthéacs Lae Fhéile Bríde)?

    ReplyDelete
  3. @Dave: Tá eolas maith ar shuíomh Áine (ramhaille.blogspot.com) faoin bhratach. Ní bheadh mórán agamsa le cur leis!

    ReplyDelete