Wednesday, February 2, 2011

Jóc salach!

Bhí Cití i ndiaidh a bheith amuigh ag siúl ó mhaidin. Í costarnocht, rinne sí a bealach ó Ghaoth Dobhair go hAonach an Chlocháin Léith beart stocaí ar a droim léi le díol, í ag spágáil fríd an tsneachta i rith an lae. Bhí sé doiligh beatha a thabhairt i dtír na laethanta sin ach ní raibh a athrach saoil ann do mhná na háite.
Bhí sé ag dul ó sholas nuair a phill sí ar an bhaile agus cé casadh uirthi amuigh ag beathú na gcearc ach Peigí.
"Áiriú, a Chití, tá tú conáilte. Come in an' warm yir feet."
"Maise, 'Pheigí, ní mo phit atá ag cur isteach orm ar chor ar bith ach mo chosa!"

Boom boom!

8 comments:

  1. Ceann maith. Graosta? Ní dóigh liom é. (Ach is cinnte go raibh a spága salach tar éis lá mar sin a chuir isteach)

    ReplyDelete
  2. An-mhaith :)
    Ach thóg sé nóiméad dom é a fháil.

    ReplyDelete
  3. ASG! Tús maith curtha le mo lá agat, a Phroinsias...:-)

    ReplyDelete
  4. A Dhualtaigh, chuirfeadh sé iontas ort an méid uaireanta a d'inis mise an jóc sin fríd na blianta agus nach bhfuair mé ach 'blank stares' mar a déarfadh sa Bhéarla!
    Caithfidh sé go bhfuil lucht léitheoireachta soifisticiúil agam anseo :-)

    ReplyDelete
  5. Is cuimhin liom ceolchoirm a thug Tony McMahon roinnt blianta ó shin. I'm going to play a tune now called 'Pis Fhliuch'. Ní raibh aon fhreagairt ón lucht éisteachta. 'Blank stares' mar a deir tú, a Phoinsias. Not many Irishspeakers here tonight, arsa Tony. Ní raibh dóthain dínn ann le difear a dhéanamh, is dócha.

    ReplyDelete
  6. Is tú an fear salach. An gliondar dátheangachais! :)

    ReplyDelete
  7. Tut tut a mháistir, d'fhéadfá le súile bheaga an salachar seo a léamh :)

    ReplyDelete
  8. Is minic a chuala mé níos measa uaitse agus ó do chairde a Choilm, agus sibhse chomh beag sin ag an am!!!

    ReplyDelete