Wednesday, February 23, 2011

Vóta a chaitheamh!

Sin é! Tá an vóta caite agam. An ndéanfaidh sé difear ar bith? Beag an seans!

An rud is fearr liom faoi lá na vótaí, ná bualadh le daoine eile ag an ionad vótála. Bíonn cineál de spion maith ar dhaoine, fonn cainte orthu, rud beag seanbhladar agus greann. Is maith liom próiséas na vótála, an páipéar a fháil i mo lámh, dul chuig an bhothán, na huimhreacha a scríobh. Tugaim uimhir do gach aon iarrathóir. An páipéar a fhilleadh agus a shá isteach sa bhocsa miotail. Is maith liom na deasghnátha a ghabhann leis mar vótáil.
Ní raibh mórán polaiteoirí taobh amuigh den ionad vótála ar maidin - ró-ghnoitheach ar tír mór, creidim, ach bhí na ceamaraí teilifíse ann. Rug bean TG4 greim orm is mé ar mo bhealach amach. Chuir sí ceisteanna orm i mBéarla agus i nGaeilge. Ní maith liom a bheith ag caint ar an teilifís mar sin, ag smaoineamh ar mo chosa. Tá rud beag cleachtadh agam ar thuairimí a chur in iúl trí mheán na scríbhneoireachta, ach aon uair a scríobhaim 100 - 150 focal, caithim uair nó uair go leith ag smaoineamh faoi, ag déanamh cinnte de go gcuirim mo thuairim in iúl go beacht snasta. Ní bhíonn an deis agat é sin a dhéanamh os comhair ceamara. Tá súil agam nach bhfuil ceap magaidh déanta agam díom féin! Ach arís, má tá, níorbh é sin an chéad uair domh a leithéid a dhéanamh!

5 comments:

  1. ag smaoineamh ar mo chosa

    Tuigim duit. Is fuath liom a bheith faoi agallamh.

    Dála an scéil, níor thuig mé an abairt sin i gceart ar dtús. Cén fáth a mbeadh Proinsias ag smaoineamh ar staid a chosa, a dúirt mé liom féin. A chosa a bhreith leis, an é sin é? Ansin thit an phingin!

    ReplyDelete
  2. Lol, rud beag de ghalar an bhéarlachais is dócha!

    ReplyDelete
  3. Bhuel bí buíoch gur féidir leat bheith ina mhuinín nach n-athróchaidh a dhath chun donais ar a laghad. A mhalairt atá i gceist ins an Fhionlainn, mo léan géar.

    ReplyDelete
  4. Maith domh m'aineolas, ach cad tá ag tarlú san Fhionlainn?

    ReplyDelete