Friday, April 24, 2009

An ndéantar bulaíocht ar pháistí gaelacha?

Bhí mé ag caint le cara de mo chuid ar na mallaibh i mBaile Átha Cliath. Gaeilgeoir breá atá ann atá pósta ar bhean nach bhfuil mórán Gaeilge aici féin ach a bhfuil Fraincis agus Iodálais ar a toil aici. Mac amháin atá acu atá anois san ollscoil. Ainm agus sloinne gaelach atá ar an mhac, cuireadh chuig gaelscoil agus gaelcholáiste é agus tá Ghaeilge bhreá aige.
Chuir sé iontas orm mar sin, nuair a cheistigh mo chara mé faoi bheith ag labhairt Gaeilge leis na páistí. Nach raibh mé buartha Gaeilge amháin a labhairt le mo pháistí. Nach mbeadh siad faoi mhíbhuntaiste go háirithe i measc páistí eile? Is dócha go raibh sé ag smaoineamh ar bhulaíocht - tá fhios againn uilig go bhfuil sé de nós ag an aos óg piocadh ar pháistí atá difriúil ar dhóigh ar bith.
Chuir sé mé ag smaoineamh. B'fhéidir go raibh rud beag den fhírinne aige. Mar athair, is é an rud deireanach atá mise ag iarraidh a dhéanamh ná mo chuid páistí a chur faoi mhíbhuntaiste. Bhí mé i gcónaí den tuairim go raibh mé ag tabhairt buntaiste iontach dóibh an Ghaeilge a bheith acu mar chéad teanga. Níor labhair (agus ní labhraíonn) muid Béarla leo. Bhí muid den tuairim go dtiocfadh an Béarla cibé ar bith, go bhfaighfeadh siad Béarla sa tsaol mhór amuigh ansin, agus nach mbeadh sé chomh furasta dóibh an Ghaeilge a shealbhú ar an dóigh chéanna. Ach fós féin, an rachaidh páistí eile ag magadh orthu amach anseo...
De réir na fianaise atá agam go dtí seo, níl sin ag tarlú ach beidh le feiceáil. Beidh tuilleadh le rá agam faoin ábhar seo. 

3 comments:

  1. Tháinig muide go hÉireann nuair a bhí na gasúir a 4 agus a 5. Ní raibh acu ach Gaeilge agus Gearmáinís. D'fhoghlaim siad Béarla laisitigh de bhlian nó mar sin - ní raibh fonn orthu ag an tús, ná aon ró ghá de bharr go raibh siad ag freastal ar Ghaelscoil.

    Is é ár dtaithí go ndeantar bulaíocht orthu, má deantar, de bharr na Gearmáiníse seachas an Ghaeilge. Ach bainfidh bulaí feidhm as aon difear shuntasach idir paiste agus a chomhghleacaithe.

    Ní féidir a dhéanmah ach dea mheas na gasúir orthu féin a chothú. Agus, gan amhras, comhluadar slán a aimsiú dóibh!

    ReplyDelete
  2. An ceart ar fad agat, a Aonghuis. Is é an t-aon rud go dtig linn a dhéanamh ná féinmheas agus féinmhuinín a spreagadh iontu. Creidim nach mbeidh deacrachtaí acu, níl ann ach go mbíonn imní ort...

    ReplyDelete
  3. Tuigim do'd imní.
    Ach is dóigh liom go bhfuil bulaíocht maidir le Gaeilge a bheith agat laghdaithe go mór ó bhí mise óg, agus Gaeilge agam i mBÁC.

    Níor caitheadh achasán riamh liomsa as a bheith ag labhairt Gaeilge le mo ghasúr - moladh is mó a chloisim. Ach níorbh amhlaidh do mo thuistí!

    ReplyDelete