Wednesday, May 27, 2009

Dán do Chara

Tá cúpla dán a scríobh mé do na páistí, curtha in airde agam anseo le seachtainí anuas, ach ní raibh aon cheann ann don iníon is óige agam, Cara. Níor mhaith liom í a fhágáil amach. Seo chugat é, a chroí:


Babaí Úr


Níl aon chur síos ort, a rún!

Mar ghealach don deoraí thú

ag lonrú os mo chomhair,

bhéarfá amharc don dall

croí don chloch

a mhuirnín óig an ghnaoi.

 

Buaileann cuisle ceoil ionat

tá aingle ag rince fá do chosa

le hachan anáil uait

tig dóchas mór agus grá,

is tú an deilf ag léimnigh

tráthnóna lán mara.

 

A ríon na gileachta

bheireann do chuideachta

beatha agus brí dúinn

gan tú ach seachtainí d’aois

soilsíonn do chuid suáilcí

mar lóchrann romhainn.

 

Samhlaím anois thú

i lár pháirc mhór an tsaoil

gaoth an Earraigh ag séideadh

trí dhuail do ghruaige míne

ag bailiú bláthanna

le bronnadh ar an domhan.





















Cara Bheag


3 comments:

  1. Go hálainn ar fad, an dán agus í féin.

    ReplyDelete
  2. Go breá, a chara. Is soilse sa dorchadas iad na leanaí, gan aon agó.

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agaibh. Thosaigh sí ag suí suas léi féin an tseachtain seo chuaigh thart. Beidh bacán agus adhastar de dhíth orainn roimh i bhfad!
    Ádh mór leis 'An Gael', a Shéamais!

    ReplyDelete