Wednesday, September 30, 2009

Na Duaiseanna Liteartha

Oíche dheas phleisiúrtha caite agam aréir i bPáirc an Chrócaigh ag bronnadh dhuaiseanna liteartha an Oireachtais. Bhí scaifte mhór i láthair, léadh cuid de shaothar na mbuaiteoirí agus dáileadh amach neart fíona agus bia.
Agus mé ag hob-nob-áil i measc literatti na Gaeilge, tháinig ráiteas a chuala mé roinnt blianta ó shin, chun cuimhne go bhfuil níos mó scríbhneoirí Gaeilge ann ná mar atá léitheoirí Gaeilge. Mar dhuine a bhíonn ag gabháil don scríbhneoireacht chruthaitheach ó am go céile, smaoiním corruair - an léifear a bhfuil le rá agam a choíche!
Ní bhím ró-bhuartha faoi le bheith fírinneach, mar ní scríobhaim do dhaoine eile. Bainim sult as an scríbhneoireacht mar chaitheamh aimsire. Má thaitníonn sí le daoine eile, is bónas beag é sin, ach i ndáiríre níl sé iontach tábhachtach domh.
Sin ráite, caithfidh mé a rá gur thaitin sé go mór liom, bliain nó dhó ó shin nuair a fuair mé 'fan-mail'. Bheul, litir amháin, le bheith cruinn, ó dhuine a raibh leabhar de mo chuid léite aige. Bhí sé iontach deas aiseolas dearfach a fháil. Ar a laghad, bhí duine amháin sa domhan a léigh an leabhar agus a bhain sult as.
Deirtear gur uaigneach an saol a bhíonn ag scríbhneoir ar bith, déarfainn go bhfuil saol an scríbhneora Gaeilge níos uaigní arís. Ar an laghad bíonn léamh de chinéal inteacht ag lucht an Bhéarla. Tá ócáidí mar na duaiseanna liteartha tábhachtach mar sin. Tugann sé seans dúinn teacht le chéile agus féachaint go bhfuil arrachtaí eile mar muid amuigh ansin. Ar dhóigh aisteach, bheireann sin uchtach domh.

Comhghairdeas mór do Thadhg, dála an scéil, a bhain duais don bhlag is fearr!

6 comments:

  1. Ach ní dúirt tú go ndeachaigh tú abhaile le €1,000 i do phóca! Maith thú féin!
    :-)

    ReplyDelete
  2. Úúúps. Sa bhliain chontráilte a bhí mé.
    *ag lasadh*

    ReplyDelete
  3. Ná bí buartha, a Denis. Mar a tharlaíonn thóg mé duais bheag abhaile liom ar an oíche. Níos tábhachtaí bhí corn ag dul leis. Bhí mé iontach bródúil. Ní minic a fhaigheann duine deis corn a thabhairt abhaile leis ó Pháirc an Chrócaigh!!

    ReplyDelete
  4. Comhghairdeachas, a Phroinsias. Ach cén corn a ghnóthaigh tú? Ní thógaim ar Dennis é - níl le fáil ar an idirlíon, feictear dom, ach torthaí na bliana seo caite (ar Ghaelport).

    ReplyDelete
  5. Corn i gcuimhne Francie Mooney (Proinsias Ó Maonaigh), d'amhrán nua-chumtha i stíl an tsean-nóis. Seo an chéad bhliain a bronnadh é.
    Ba chóir domh a shoiléiriú fosta gur bronnadh ormsa agus ar Dhoiminic Mac Giolla Bhríde é, eisean a chum an ceol!

    ReplyDelete
  6. Nár laga Dia sibh. Ag súil go mór é a chloisteáil.

    ReplyDelete