Saturday, November 7, 2009

Balor na Súile Nimhe

Cheannaigh mé an leabhar 'Balor' leis an tSnáthaid Mhór inniu. Leabhar galánta atá ann. Tá an scéal inste go fileata agus tá máisiú an leabhair go seoigh. Caithfidh mé a admháil gurbh iad na pictiúirí a mheall a chéaduair mé. Tá an scéal ar eolas go maith agam agus chaith mé tamall fada ag breathnú fríd na léaráidí breátha. Is obair ealaíne amach is amach atá ann.
Cheannaigh mé leabhar eile dá gcuid, 'Gaiscíoch na Beilte Uaine' dhá bhliain ó shin agus bhain mé an-sult go deo as. Bhí fhios agam mar sin caidé a bhí romham nuar a chuir mé mo lámh i mo phóca inniu. Ní raibh aon díomá orm. Chuaigh obair agus allas isteach i dtairgeadh an leabhair. Tá an cóiriú agus an clóchur ealaíonta, tá dlúthdhiosca leis (cé nach bhfuair mé seans éisteacht leis go fóill) agus tá an scéal féin inste i nGaeilge shaibhir sholéite a thugann meas mar is ceart do thraidisiúin an bhéaloidis. Níl aon iontas orm gur bhain sé duais Reics Carló i mbliana.
Sin ráite, tá eagla orm é a thabhairt do na páistí. Cé go luaitear mar leabhar do pháistí é agus gur gradam do leabhar páistí é Gradam Reics Carló, déarfainn gurb iad na daoine fásta nó na déagóirí móra is mó a bhainfeadh sásamh as. Tá sé ro–ghalánta le cur isteach i lámha beaga.
Breithlá Cara a bhí ann inniu - bliain d'aois cheana féin - agus d'úsáid mé sin mar leithscéal chun é a cheannach. Dar liom féin, ní raibh airgead á chaitheamh agam orm féin ach ar mo iníon bheag. Tá eagla orm a rá, áfach, nach bhfeicfidh Cara nó aon duine eile acu radharc ar an leabhar arís go dtí go mbeidh siad mór go leor chun meas mar is ceart a bheith acu air!
Is fiú go mór é a cheannach!!

4 comments:

  1. Lean mé an nasc thuas go dtí an suíomh. Tá na léaráidí go hiontach! Fuair mé féin leabhar sa phost inné atá cosúil leo seo sa mhéid is gur insint úr de sheanscéal atá iontu uilig: An Ceithearnach Caolriabhach le Darach Ó Scolaí. Ar léigh tú é? Rinne an Scolach an-jab le Feis Tigh Chonáin, agus chomh luath agus a chonaic mé sampla de na léaráidí (do dhaoine fásta!) sa leabhar eile seo, bhí orm é a fháil gan mhoill.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agaibh beirt as na moltaí. An CC agus Balor ar an liosta siopadóireachta.

    ReplyDelete
  3. Níor léigh, a Denis, ach rachaidh mé á chuartú!

    ReplyDelete