Saturday, January 30, 2010

An Gadaí Arís

Thug an bás cuairt orainn arís inniu. Marbhadh beirt dár muintir, athair agus mac, ar maidin. Bhí siad ag pilleadh ó Aerfort Dhoire agus is cosúil go ndeachaigh an carr ó smacht ar shiocán dubh i mBeart. D'fhág sé faoi ghruaim muid i rith an lae.
Tá sé de nós againn nuair atá muid ag rá na bpaidreacha leis na páistí ag am luí, paidir a chur le hachan duine a casadh ar na páistí i rith an lae. Chuir muid paidir le John agus Séan anocht. Cheistigh Margaret mé láithreach, mar ní bhíonn siad ar an liosta de ghnáth.
"Cé John Phincí?"
Mhínigh mé dithe cé a bhí ann. Tá aithne mhaith aici ar dheirfiúr John agus bhí sí ábalta coincheap an dearthár a thuigbheáil.
"C'tuige bhfuil sé marbh?"
Bhain mé úsáid as an cheist sin chun ceacht beag a mhúineadh dithe faoin sábháilteacht bóthair. Tá sí cleachtaithe liom ag caint faoin bhealach mhór, carranna agus faichill.
"Cá bhfuil sé anois?"
Rinne mé iarracht a mhíniú dithe go raibh sé thuas sna flaithis le Dia, an Mhaighdéan Mhuire agus na haingle.
"Ach, c'tuige bhfuil sé marbh?"

Tá sé deacair coincheap an bháis a mhíniú do pháistí. Tchítear domh go bhfuil cuidiú beag sa chreideamh. Cé nach mise an Críostaí is fearr dá bhfuil ann, déanaim mo dhícheall na páistí a thógáil sa chreideamh inar tógadh mé féin. Tá an míniú a thug mé do Mhargaret anocht simplí, ró-shimplí, agus amach anseo tá fhios agam nach sásódh sé í mar fhreagra, ach sin a bhfuil agam di mar mhíniú ar bhásanna anabaí díchéillí.
Rith sé liom agus mé ag teacht anuas na staighre, go bhfuil an t-ádh orm an creideamh a bheith ann mar mhíniú. Caidé mar a mhíníonn an t-aindiachaí coincheap an bháis dá chuid páistí? Ní ceist reitriciúil í sin, ba bhreá liom a fháil amach caidé mar a mhínítear an coincheap do pháiste 3 bliana d'aois, gan dul i múinín an chreidimh.

Go ndeana Dia a mhaith orthu agus ar an cheathrar bean teaghlaigh atá fágtha fann folamh ina ndiaidh!

5 comments:

  1. Ní maith liom bhur dtrioblóid.

    Maidir “cá bhfuil sé” a mhíniú do pháistí, an scéal is fearr dár chuala mé riamh ná go bhfuil sé “in Vermont now.” Ní raibh ach tuairim dhoiléir acu de Vermont agus chuir sé ina dtost iad go ceann tamaill.

    ReplyDelete
  2. Is cuimhin liom nuair a fuair mo thuismitheoirí féin bás bhí an chreideamh go h-an mhaith chun deileáil leis.Cé go raibh siad imithe bheadh siad sna Flathais agus bheadh deis agam bhualadh leo arís am mo bhás féin.Ach rudaí mar seo a mhiniú do phaistí bheaga.Tá mé i bponc ach dhein tú jab maith a Phroinsias, deirimse.

    ReplyDelete
  3. Scéal brónach amach is amach, a Phroinsias, agus tá sé deacair na nithe seo a thuiscint muid féin, mar dhaoine fásta, gan trácht ar an rud a mhíniú do pháistí.

    Ó tharla nach bhfuil an freagra go cinnte ag aon duine againn faoin 'fhírinne', ní dochar 'ní thuigim féin é' nó 'níl a fhios agam' a rá le páisti ó am go chéile, más gá, mar a rinne an bhean seo go minic...:-)

    ReplyDelete
  4. Chonaic mé an t-alt seo inniu. Go dtuga Dia suaimhneas dá n-anamacha! Cuireann brón orm an bhaintreach a fheiceáil.

    http://www.independent.ie/national-news/heartbreak-and-desolation-as-father-and-son-are-laid-to-rest-2045146.html

    ReplyDelete
  5. Uafásach. Tá an ceart ar fad ag Áine maidir leis an míniú. Is mistéir é. Tá a fhios ag Dia amháin.

    ReplyDelete