Ní shílfeá ó bheith ag amharc ar an iasc aisteach seo go bhfuil meáchan tonna ann!
Tháinig mé trasna ar an fhíséan seo tamall beag ó shin. 'Iasc na Gréine' nó 'Mola Mola' a thugtar air agus tá sé ar cheann de na héisc chnámhach is mó ar domhan. Tháinig sé ar cuairt go hÁrainn Mhór cúpla bliain ó shin. Maith an rud go raibh ceamara maith ag an tumadóir!
Níl fhios agam bhfuil ainm ceart Gaeilge air. Ní raibh mé ábalta teacht ar ainm dúchasach dó. Is dócha nach iasc dúchais de chuid na hÉireann é!
Bheirtear "poisson-lune" air i bhFraincis, sin "iasc gealaí" :-)
ReplyDeleteAn t-ainm is fearr liomsa ná Schwimmender Kopf, “ceann a shnámhann”. Caithfidh go raibh an ceann seo ar seachrán. Ní dóigh liom go dtaithíonn siad cósta na hÉireann de ghnáth. Nó an bhfuil an mhuir ag éirí níos teo?
ReplyDeleteCupla bliain ó shoin chonaic mise róin agus puifíní ar chósta Ghaoth Dobhair... so cha rabh an t-uisce róthe, tá mé 'déanamh :-)
ReplyDeleteSin an rud a rith liomsa Denis, gur cloigeann gan corp a bhí ann. Is deas go raibh muintir na Gearmáinne? ar aon intinn liom (nó mise leo).
ReplyDeleteNíl fhios agam fá theocht na farraige. Síobadh mór an Atlantaigh Thuaidh agus teas an tsamhraidh a mheall é, seans.
B'fhéidir go ndeachaigh sé amú, a Phroinsias. Tarlaíonn rudaí mar sin, ó am go chéile, agus nílim cinnte a mbaineann sé le teocht na farraige, nó nach mbaineann.
ReplyDeleteIs deas iad an dá ainm luaite ag Lughaidh agus ag Dennis. Nach spéiriúil an chaoi a snámhann iasc chomh mór leis tríd an uisce...