Wednesday, April 7, 2010

Is é an Tiarna mo Sréadaí...

Bhí roinnt plé ar na cibearthonnaí seo againne le tamall anuas faoi théarmaíocht, béarlagair agus faoi scríbhneoireacht. Cad is Gaeilge mhaith ann, cad is drochGhaeilge ann? Chuir sé rud a ba ghnách le léachtóir de mo chuid ar an ollscoil a rá, i gcuimhne domh:

"Nuair a smaoinímid ar Bhéarla maith, samhlaímid Béarla an BhBC. Béarla soiléir a bhfuil tuigbheáil ag gach aon duine air; Nuair a bhímid ag caint ar Ghaeilge mhaith, samhlaímid seanbhean mhantach a chaith a saol fána cnoic agus a bhfuil caint chomh tiubh aici go bhfuil sé doiligh ar an strainséir í a thuigbheáil, deirimid go bhfuil Gaeilge mhaith den chéad scoth aici."

Bhí an ceart aige ar go leor bealaí agus is é sin an fáth - i mo thuairim bheag féin - nach léann muintir na Gaeltachta ábhar as Gaeilge. Tá claonadh ag gach aon phobal Gaeltachta lena chanúint nó lena fhochanúint féin. 'Sin an Ghaeilge cheart' a déarfadh siad. Níl cur suas acu leis an "Gaelic Úr" mar a deirtear fán cheantar seo nó (cuid mhór den am) Gaeilge ó cheantracha eile. [brathann seo cuid mhór ar an chainteoir dar ndóigh, ní bheadh an scéal amhlaidh i ngach aon chás]

Tharla tráthnóna go raibh mé i mo shuí go breá sócúlach os coinne na teilifíse ag coimhéad an chluiche mhóir idir Man Utd agus Bayern Munich nuair a tháinig toscaireacht isteach chugam ón chistin, áit a raibh díospóireacht teasaí ar siúl.
"Caidé an Ghaeilge ar shepherd?" (meastar - sa teaghlach - rud beag léinn a bheith orm i dtaobh na Gaeilge)
B'éigean domh mo fhreagra a thomhas go cúramach. Níor mhaith titim amach leis an duine contráilte sa teaghlach agus ní raibh mé cinnte cad iad na focail a bhí á moladh ag daoine áirithe.
Sa deireadh shocraigh mé ar an fhocal "Sréadaí"... leagan áitiúil den fhocal 'tréadaí'. Sin an rud is dúchasaí don cheantar seo, choinneodh sé na seandaoine sásta agus bhí mé measartha cinnte de go n-aithneofaí an focal mar "sheanGhaeilge mhaith". Nuair a bhí mo bhreithiúnas tugtha agam, thosaigh racán ag lucht an fhocail "Aoire". Duine amháin go speisialta láidir ag maíomh gurb é an focal ceart, salm 23 a lua aici mar thacaíocht. Múinteoir bunscoile atá inti, as Baile Átha Cliath ó dhúchas, agus tuigim cén fáth a mbeadh luí níos fearr aici leis an fhocal 'aoire'.
D'éalaigh mise ar ais go Old Trafford, ach chuala mé an chaint ón chistin. "Sure, bíonn seisean ag cumadh foclaí an chuid is mó den am..."

4 comments:

  1. An ionann “mo shréadaí” agus “mo thréadaí” ó thaobh na fuaime de? Is dóigh liom go mbeadh, nó go mbíodh. Caithfidh sé gur as díshéimhiú “thréadaí (shréadaí)” a tháinig an focal canúnach atá agat.

    ReplyDelete
  2. Níl a fhios agam féin cé as a dtagann na focail sin uait, a Phroinsias, ach tá a fhios agam go mbainim an-taitneamh astu, agus lean ort á roinnt linn, le do thoil, a chara.

    Agus, a Dennis, lean ort leis na blúiríní eolais sin uait! Cuireann siad go mór leis an díospóireacht a bhaineann le gach ní den teanga anseo ar na blaganna, fiú má bhíonn cuid againn, ahem 'ag cumadh foclaí an chuid is mó den am..."...;-)

    ReplyDelete
  3. Cinnte go mbeadh scoth na Gaeilge ag an tseanbhean mhantach chéanna. I ndeireadh na dála is teanga shaorga í gach teanga chaighdeánaithe - ar dtús, ar aon nós - mar is de thoradh comhtharlaithe a roghnaíodh an chanúint a bhforbraítear an caighdeán aisti.

    Mholfainn "The Power of Babel: A Natural History of Language" le John McWhorter do gach éinne a bhfuil spéis aige i gcúrsaí dá leithéid..

    ReplyDelete