Friday, May 21, 2010

Encore!

Tá mé chomh tuirseach sin den cleasaíocht a bhaineann leis an 'encore' a bhíonn ar siúl ag deireadh ceolchoirme.
Chuaigh mé féin agus mo bhean mhaith go Béal Feirste aréir chun Mark Knopfler a fheiceáil. Bhí dúil mhór agam san 'Dire Straits' nuair a bhí mé i mo ghasúr agus bhí mé ag súil le hoíche mhaith phleisiúrtha. Bhí an cheolchoirm an-mhaith, cúpla rud nua-aimseartha agus na sean-chlasaicigh caite isteach fíofa... Romeo & Juliet, Sultans of Swing, Telegraph Road, Sailing to Philadelphia etc etc.
Tháinig 'deireadh' leis an cheolchoirm, mar dhea, d'fhág na ceoltóirí an t-ardán - am don lucht éisteachta éirí ina seasamh, bualadh bos mór a thabhairt chun na ceoltóirí a mhealladh ar ais. Tháinig!
Ceol sé cúpla amhrán eile, Brothers in Arms ina measc. Anois bhí sé in am don dara encore. Bhí fhios ag gach aon duine go mbeadh an dara encore ann mar ní raibh 'Walk of Life' nó 'Money for Nothing' ceolta aige fós, agus níor ardaíodh na soilsí. Sheas muid ansin ar feadh cúpla bomaite ag dul fríd na deasghnátha - muid ag búirfigh linn, ach bhí moill ar na ceoltóirí teacht ar ais. Idir an dá linn, bhí a lán daoine sna pasáistí agus ag cruinniú fá na doirsí. Bhí na soilsí fós múchta. Is léir go raibh na techies ag fanacht ar an bhanna teacht ar ais, ach idir rud amháin agus rud eile is cosúil gur measadh go raibh sé ró-chontúirteach slua mór daoine a fhágáil ag siúl thart sa dorchadas agus lasadh na soilsí agus tháinig críoch gan coinne leis an cheolchoirm.
Críoch an-mhíshásúil le ceolchoirm a bhí maith. Chuaigh muid uilig abhaile gan an dá amhrán is mó a luaitear le Knopfler - na mór-chnaganna, mar a deirtear - a chloisteáil.
Tá sé in am deireadh a chur leis an amaidí seo, go mbítear ag súil leis an lucht éisteachta bannaí ceoil a 'mhealladh' ar ais chun amhrán nó dhó a cheol. Dhíol mise mo chuid airgid, agus go leor airgid fosta, chun na hamhráin sin a cloisteáil, cén fáth go gcaithfidh mé a bheith i mo sheasamh mar amadán ag scairtigh air teacht ar ais chun iad a cheol domh. D'fhág sé drochbhlas i mo bhéal!

2 comments:

  1. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  2. Sna seachtóidí, bhí pianadóir mór le rá ann darb ainm Lazar Berman, ón Aontas Sóivéideach. Bhí mé i mo 'usher' ag halla na hollscoile ag an am, agus ba mhór liom Lazar. Bhí mé ag a cheolchoirm (agus íocadh mé as!) mar sin. Bhí sé de nós aigesean a lán encore a dhéanamh. Agus fuair sé bualadh bos nach beag faoi dhó, faoi thrí...faoi sheacht nó mar sin. Nuair a bhí sé thart, dúirt duine dá handlers (ón KGB, gan amhras) go mbeadh ní ba mhó le cloisteáil dá dtabharfaí bualadh bos chuige roinnt amanna eile! Níor chuala mé trácht ar aon duine eile a thug an méad sin encore riamh. Is dócha go spreagann an bualadh bos na ceoltóirí, agus tugann sin fuinneamh dóibh na hamhráin nó ceol seanchaite a dhéanamh arís is arís eile.

    Tá ceirnín eile (Encores) agam mar seo.

    ReplyDelete