Saturday, April 23, 2011

An Traonach ar ais!

B'éigean domh mo chuid focal a ithe inniu. Thíos ar Thráigh Athphoirt a bhí muid inniu leis na páistí ag cruinniú sligeán nuair a chuala muid é chomh maith is a chluinfeadh neach ar bith beo. An traonach ag grágáil leis sa pháirc thuas uainn.
Ceacht amháin gur chóír a bheith foghlamtha agam i bhfad roimhe seo, nuair a deir do bhean chéile rud leat, ní chóir amhras a chaitheamh uirthi. Is aici a bhíonn an ceart nach mór an t-am ar fad.

Cáisc shona daoibh go léir!

1 comment:

  1. @ ' Is aici a bhíonn an ceart nach mór an t-am ar fad.'

    Deile!

    Maidir leis an traonach, is cuimhin liom é ó m'óige, ach níor chuala mé ceann le blianta. Nach aoibhinn daoibh go bhfuil ceann ag grágáil taobh libh!

    Maidir leis an gcuach, níor chuala mé i ar chor ar bith anuraidh, ach táim dóchasach go gcloisfidh mé í i mbliana.

    ReplyDelete