Bhain Margaret bheag gáire as bunadh an tí ar maidin. D'oscail sí an doras le feiceáil cén cineál aimsire a bhí ann - bhí gealltanas tugtha agamsa na páistí a thabhairt chuig cluiche peile dá mbeadh soineann ann.
"Mamaí, tá an aimsir..."
Stad an cailín beag bomaite ag smaoineamh.
"Mamaí, tá drochspion ar an aimsir!"
Ní thiocfadh liom é a chur ar bhealach níos fearr mé féin!
Leagan deas. Bhí sé liath inné abhus agus spíon mhaith ar an aimsir faoi láthair.
ReplyDelete... phill na tachráin chun an bhaile agus iad dubh ó bhun go barr ag clábar an phortaigh.
ReplyDelete“... bhogas anonn le h-ais na teineadh agus go cionn cúig uaire bhíos im thachrán ag imeacht fá'n ghríosaigh -- im ghlas-stócach ag éirí aníos ar an tsean-nós Gaelach.”
Cosúlacht ar bith anseo?
;-)
Ní dóigh liom go gcleachtann teaghlach Phroinsias an Béal bocht!
ReplyDeleteMar a tharlaíonn, tá gasúr beag agam a bhfuil dúil a chroí aige sna gríosaigh chéanna, ach níl cónaí orainn fós i dteach beag aolbhán in ascaill an ghleanna. Beidh fanacht beag fós ar Bhónapárt Ó Cúnasa agus é ag iarraidh an data leabhar sa tsraith a scríobh! :-)
ReplyDelete:-)
ReplyDeleteTáim ar ais i gCeann Scríbe inniu, a Phroinsias, agus tá an aimsir ar mire anseo!
ReplyDelete