Sunday, July 17, 2011

Is olc an ghaoth...

Gabhfaidh sibh mo leithscéal as deoch mhaith a bheith ar bord agus an nóta seo a scríobh agam. Cúis mo leithscéil ar ndóigh ná an bua mór a bhí againn thar Chondae Londain-Dhoire Cholm Cille inniu!
Ba rud níos speisialta dúinn uilig í an drochaimisir, rud a choinnigh an dara scaifte scoláirí ar tír mór agus a d'fhág lá breise saoire dúinne istigh anseo ar an oileán. Bhí na scoláirí le theacht ar bhád a 4 ach de thairbhe na gaoithe aniar aduaidh inniu, socraíodh aréir ar dhara chúrsa na coláiste Gaeilge a chur ar athló go dtí amárach, rud a d'fhág cuid bean tí, múinteoirí agus eile amuigh sa teach tábhairne ag ceiliúadh Corn an Anglo-Celt a bheith tugtha chun an bhaile againn arís!
Tá bean an tí seo againne amuigh go fóill agus ní fios cén uair a fheicfidh sí an baile, ach tá mise sásta anseo cois tine, mo sháith féin ólta agam agus páiste amháin sa leabaidh cheana féin. Ní minic a fhaighimid lá saor gan choinne agus bua ollmhór sa pheil ... cá bhfuil an uisce beatha!?!

3 comments:

  1. Dún na nGall Abú! Wúhúúúúúúúú!

    ReplyDelete
  2. Tagaim leat, a Áine,
    Tír Chonaill Abú!!!

    ReplyDelete
  3. Tréaslaím libh, a chairde. Bhíos ag smaoineamh oraibh nuair a chonaic mé an toradh tráthnóna Dé Domhnaigh. Go n-éirí go maith libh sna cluichí atá le teacht.

    ReplyDelete