Tháinig Margaret isteach an lá faoi dheireadh agus bhí an focal mór aici. Rinne muid iarracht neamhiontas a dhéanamh de ach d'amharc mé féin agus Suzanne ar a chéile agus bhí sé deacair gan gáire de chineal inteacht a dhéanamh. Bhí sí á cheol mar a bheadh rann ann. Caidé a thig leat a dhéanamh i gcás mar sin?
Tá fuath agam ar chaint ghraosta a chluinstin ó pháistí agus ó dhaoine óga. Bhí m'athair féin an-dian ar chaint den chinéal sin nuair a bhí muidne óg agus tuigim dó. Tá daoine ann gur chuma leo. Na focail mhóra in úsáid go fras is go fairsing ag na tuismitheoirí os comhair a gcuid páistí, ach ní maith liom é. Sílim go dtugann sé ar shiúl cuid de shoineantacht agus galántacht an óige. Beidh siad mór roimh i bhfad agus beidh orthu aghaidh a thabhairt ar shaol atá míofar go maith in amanna. Sílim gur chóir iad a chosaint ón ghránnacht sin chomh fada is a thig linn.
Tá sé deacair sin a dhéanamh. Tá sé acu ar an teilifís, tá sé acu amuigh ar an tsráid, óna gcairde agus óna daoine fásta thart orthu. Tá aintín ag Margaret a bhíonn de shíor ag iarraidh na mionnaí móra a theagasc di, díreach chun cur isteach ormsa - don chraic, mar dhea! Caidé a thig liom a dhéanamh? An ag snámh in aghaidh easa atá mé?
De ghnáth, déanaim neamhiontas den chaint ghraosta nuair a chluinim ó na páistí í. Cuireann sé isteach orm ach ní bhím ag iarraidh aird a tharraingt uirthi. Bím ag súil leis go ndéanfaidh siad dearmad di agus nach mbainfidh siad úsáid asti arís go háirithe nuair a bhíonn Graindea ar cuairt nó nuair a bhímid ag an aifreann.
B'fhéidir gur chóir domh a bheith ag teagasc na mionnaí móra gaelacha di: "Scread mhaidne ort", "Marbh Aindí ort", "Crochadh ard lá gaoithe ort", "Tórramh portáin go raibh i do dhiaidh" agus na cinn eile - tá siad níos fileata ar dhóigh agus níl siad leath chomh gairsiúil. Ar a laghad ní bheinnse náirithe os comhair phobal gallda Leitir Ceanainn dá ligfeadh sí sráith mallachtaí Gaeilge uaithi i rith an aifrinn...