Wednesday, July 15, 2009

An Aimsir agus an Eolaíocht?

Cuid comharthaí aimsire eile a bhí ag bunadh an oileáin. Chuir mé an-suim sa méid a bhí le rá ag Denis. Tá sé an-suimiúil go deo go dtiocfadh le bunús ceart eolaíochta a bheith ag baint le sean-phisreogaí. Eagna na nglúnta, is dócha, agus an eolaíocht go díreach ag breith air anois...

Nuair atá na géithe le feiceáil thíos ón ghrian, beidh athrú ar an aimsir.
Nuair a bhíonn rónta istigh ar an trá, beidh gála ann.
Nuair a bhíonn easóg ag piocadh féir, beidh fearthainn ann.
Má tá grian láidir ar maidin, tá an lá a ghabháil a bheith olc.
Nuair atá dath gorm ar an tine, beidh fearthainn ann.
Nuair atá na cnoic le feiceáil i ngar dúinn, beidh fearthainn ann.
Nuair atá an cat ag ní a aghaidh le taobh na tine, beidh drochaimsir ann.

Níl a fhios agam an bhfuil bunús eolaíochta leis an méid atá thuas. Caithfidh mé cuid de na sean-leigheasanna a fhiosrú fosta. Bheadh sé an-suimiúil go deo a fháil amach an bhfuil rud ar bith le rá ag an eolaíocht fá dtaobh díofa.

2 comments:

  1. Rud éigin ó Ghaeilge na hAlban:

    Rudha shuas an àm laighe,
    Dh' èireadh Fionn moch 'sa mhadainn;
    Rudha shuas 'sa mhoch mhadainn,
    Dhèanadh Fionn an ath-chadal.

    Is dóigh liom go bhfuil an teagasc céanna sa rann seo i mBéarla:

    Red sky at night,
    sailor's delight.
    Red sky in the morning,
    sailor take warning.

    Ar chuala tú aon rud cosúil leis seo i do cheantar?

    ReplyDelete
  2. Chuala mé an leagan Béarla sin go minic. Ní cuimhin liom aon leagan Gaeilge de a chloisteáil.

    "An ghaoth aneas, bheireann sí teas,
    an ghaoth aduaidh, bíonn sí cruaidh."

    Is dócha gurb é sin an leagan is congaraí de atá cloiste agam.

    Tháinig mé trasna ar leagan eile, ach ní ceann é a bhí cloiste agam sa bhaile:

    Dearg aniar - soineann agus grian,
    Dearg anoir - sneachta agus sioc,
    Dearg aneas - doineann agus teas,
    Dearg aduaidh - clagar agus fuacht

    ReplyDelete