Saturday, July 4, 2009

Luimneach

Chuir an díospóireacht bheag a bhí ar siúl anseo inniu maidir le hainmfhocail a chríochnaíonn ar 'ín' a bheith firinscneach nó baininscneach mé ag smaoineamh ar rann beag, luimneach beag/bheag (an ionann inscne don rann agus don chathair?) a scríobh mé cúpla bliain ó shin:

Bhí múinteoir an-tugtha don ghinideach
Dúirt na scoláirí go raibh sé sin amaideach
Nach cuma sa tsioc
Barr cnoic nó barr cnoc
Tá an teanga seo marbh ag an ghramadach!

2 comments:

  1. Bualadh bos! Déanfaidh cóip de seo.

    ReplyDelete
  2. Bainim féin sult as a bheith ag foghlaim rudaí nua faoin ngramadach, a fheara, ach tá trua agam do na scoláirí bochta, agus do na múinteoirí bochta, atá ag iarraidh ciall a bhaint as Cuibhreann an Chaighdeáin Oifigiúil mar, go rómhinic, níl an freagra cinnte le fáil ansin ach an oiread!

    ReplyDelete