Bhí mise chomh dóchasach sin ag am lóin go raibh lucht na réamhaisnéise ar seachrán, gur fhág mé gach fuinneog foscailte ar mo charr. Mo thrí thrua naoi n-uaire mo chiall! Tá sé ar maos. Níorbh é sin an rud ba mheasa. Tá Margaret i ndiaidh teacht isteach ag caoineadh ón gharraí. Bhí linn snámha beag ag na páistí taobh amuigh le seachtain nó dhó. Bhain siad an-sult as a bheith ag lapadáil thart, ag caitheamh uisce ar a chéile agus ag taispeáint a dtóineacha do chomharsana a bhí ag dul thar bráid ar an bhealach mhór.
Ar scor ar bith, tháinig Margaret isteach agus na deora ina rith léi: "Mámaí, tá an linn snámha uilig fliuch!" Níor chuidigh an gáire a rinne mámaí leis an ghirseach bheag. Nuair a ba léir di nach raibh mámaí ag tabhairt aird mar is ceart ar an ghéarchéim, chuir sí dlús leis an éagaoin. Tá sí i ndiaidh teacht chuici féin le cúpla bomaite anuas, ach ba mhór an tráma é.
Cuireann an aimsir mhaith cuma níos fearr ar achan rud. Tháinig 260 scoláire Gaeilge chun an oileáin inné. Bhí mé ag amharc ar an bhád agus iad ag teacht isteach. Bhí cuma chomh maith sin ar an áit agus ar an fharraige is iad ag teacht i dtír. Tháinig mo rangsa isteach ar maidin, bristí gairide á gcaitheamh acu, t-léinte agus spéaclaí gréine ar chuig acu. B'éigean dúinn iad a chur abhaile tráthnóna idir ceathanna - beidh cuid acu chomh fliuch leis na suíocháin i mo charrsa. Ar an drochuair, níl sé faiseanta nó cool na laethanta seo do dhaoine óga a bheith ag tabhairt cótaí báistí leo chun na scoile. Is ar na mná tí a bheas ualach na hoibre anocht.
Ar scor ar bith, tá súil agam go bhfuil an ghrian ag soilsiú i gcibé áit sa domhan ina bhfuil tú agus seo á léamh agat. Bímis dóchasach, seans go dtiocfaidh an samhradh arís is go bhfásfaidh an féar...
No comments:
Post a Comment