Friday, July 10, 2009

Bronntanas Breithlá

Breithlá eile! Sé bliana is tríocha caite agam ar an tsaol bheag seo. Aisteach chomh ciúin is atá an teach. Chuaigh Suzanne agus na páistí isteach chun an bhaile inné, bhí ormsa fanacht amuigh chun an carr a thabhairt chuig an gharáiste ar maidin agus níl aon duine sa teach ach mé féin.
Is deas cúpla uair shuaimhneach a bheith ag duine. Tá sé de nós agamsa mo mhachnamh a dhéanamh ar an bhliain atá imithe thart ar lá mar seo. Ní haon rud trom a bhíonn ar siúl agam, go díreach cúpla bomaite a chaitheamh ag cuimhniú ar dhaoine agus ar imeachtaí, ag meabhrú ar bhotúin atá déanta, ar na buaicphointí, ar na daoine atá imithe. Tá sé tábhachtach súil a chaitheamh siar, níos tábhachtaí fós a bheith ag amharc chun tosaigh. Tugann lá mar seo an seans é sin a dhéanamh.
Tá cuimhne agam 6 bliana ó shin ar lá mar seo, bhí mé ag machnamh domh féin agus bhuail sé mé go tobann fríd an bhéal go raibh mé níos sine ná mar a bhí mo mháthair féin nuair a fuair sí bás. Is aisteach go deo an rud é a bheith níos sine ná do mháthair!
Fuair Mámaí bás ag aois 30. Bhí trí pháiste aici agus ceann eile ar an bhealach. Bhí an méid sin déanta aici in achar an-ghairid. Is cuimhin liom a bheith ag amharc ar mo shaol féin ag an am. Cad a bhí déanta agam? Cad fiúntach a bhí déanta agam? Bhí sé mar chic sa tóin domh chun dóigh agus slacht a chur ar mo shaol féin. Chuir sé fuinneamh úr ionam. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí mé pósta. Ceithre bliana níos faide anonn tá triúr páiste agam féin.
Is minic ár saolta gan stiúr, gan treo. Muid ag maireachtáil ó lá go lá gan súil againn ar na rudaí atá fíorthábhachtach sa tsaol. Is fiú an t-am a ghlacadh chun breathnú siar. Muna bhfuil eolas agus tuigbheáil againn ar an áit as ar tháinig muid, cén dóigh go mbeidh a fhios againn cá bhfuil muid ag dul?
Beidh mé ag dul isteach 'na bhaile tráthnóna agus caithfidh mé an chuid eile den tsamhradh istigh ann. Labhair mé le Margaret ar an ghuthán aréir: "Beidh tusa i dteach Nana amárach, Daidí, agus beidh muid 'dhul go dtí an céilí!" a dúirt sí liom. Níl ann ach inniu agus amárach do Mhargaret bheag agus sin mar ba chóir dó a bheith. Rachaidh muid chuig an chéilí mhór anocht agus beidh damhsa beag againn. Sin an bronntanas breithlá is fearr a gheobhaidh mé inniu!

1 comment:

  1. Súil agam gur bhain tú sult as an lá, agus as an damhsa, a chara.

    ReplyDelete