Monday, August 24, 2009

Ag Cúléisteacht

Bhí mé ag cur Cara a chodladh níos luaithe. Tá a seomra buaillte leis an tseomra suí anseo, agus bhí Margaret, Dan agus a gcol ceathar, Aine, istigh ann ag caint. Tá Aine 5 bliana d'aois, agus chun a ceart a thabhairt di, ní labhraíonn sí ach Gaeilge leis na páistí.
Bhí sé deas a bheith ag cúléisteacht orthu ag caint eatarthu féin i nGaeilge. Thit Cara ina codladh, ach luigh mé ansin ar feadh cúpla bomaite ag éisteacht leis an chomhrá. Ansin, chuala mé cúpla abairt a ghread ar mo chluas múinteora.
"Caidé do favourite pictiúr?"
"Caithfidh tú faigh an ceann sin."
"Tá sé mo cheann-sa."
Níl fhios agam bhfuil mórán go dtig liom a dhéanamh chun stad a chur leis an drochGhaeilge. Tógfaidh na páistí a gcuid Gaeilge uainne, cinnte, ach ó na páistí thart orthu fosta.
Ar an lámh eile, b'fhéidir go bhfuil sé in am dúinn glacadh leis an chomhréir, gramadach agus foclóir nua atá ag fás sa teanga. Tá i bhfad níos mó daoine a d'fhoghlaim an Ghaeilge mar dara teanga ná mar a thóg ón chliabhán í. Níl Gaeilge "mhaith" le cloisteáil coitianta go leor, rud a chinnteodh caighdéan de chineál éigin. Bíonn páistí na Gaeltachta iad féin go mór faoi thionchar rithimí cainte an Bhéarla. Tá an teanga ag athrú. Is dócha go gcaithfimid glacadh le sin agus aitheantas éigin a thabhairt do na múnlaí nua cainte.
Bíonn gach teanga bheo ag athrú de shíor, ach is dócha go bhfuil an t-athrú atá ag teacht uirthi le tamall beag anuas ag baint geit as go leor daoine. Cloisim daoine ag tabhairt 'gaelscoilis' go dímheasúil, ar an Ghaeilge úr seo. Is dóigh liom, áfach, nach bhfuil oiread difear idir an Ghaeilge agus an Béarla nuair a thagann sé chuig athruithe.
Tá Béarla Shasana go mór faoi thionchar na Stát Aontaithe. Tá múnlaí úra dochreidte ag teacht ar chaint na n-óg i Sasana agus dar ndóigh in Éirinn. Is mór idir Béarla na Banríona agus Béarla Bebo! De réir mo chuid eolais, tá an rud céanna ag tarlú sna mótheangacha uilig. Is cinnte go bhfuil daoine i Londain, Parás agus Berlin míshásta leis na hathruithe atá ag tarlú, ach is dóigh liom go gcaithfidh muid glacadh leo.
Tugaim faoi deara, go bhfuil lucht Fhoclóir Oxford de shíor ag cur le stór focal an fhoclóra. Má tá focal, múnla gramadaí nó athrú comhréire in úsáid go coitianta, is gairid go bhfaigheann sé aitheantas. Is trua nach dtig linn na hathruithe a chur i bhfeidhm sa Ghaeilge chomh gasta sin.

Ar scor ar bith, beidh muid ag dul ar ais go Leitir Ceanainn amárach. Deireadh an tsamhraidh buailte linn. Páistí ag pilleadh ar an chréche. Ar ais arís chuig rithimí an bhaile mhóir, rialtachtaí na hoibre. Osna!

11 comments:

  1. Silím, má tá fonn orthu a gcuid Gaeilge a fheabhsúí amach anseo, déanfaidh siad sin. Idir an dá linn, labharfaidh siad Gaeilge 'a oibríonn', a thuigeann daoine.

    Ó thuaidh, cha dtéann an chuid is mó de na páistí atá a thógáil le Gaeilge chuig Gaelscoil de bhrí go bhfuil eagla ar na tuismitheoirí go gtógfaidh siad drochnósanna cainte, is mór an trua sin óir thiocfadh leis feidhmiú an dá bhealach agus thiocfadh le páistí s'acu tionchar a imirt ar páistí labhartha na Gaelsccoilise chomh maith.

    Tiocfaidh sí!

    ReplyDelete
  2. Nach aisteach an smaoineamh a bhíonn againn nach bhfuil ach an t-aon Ghaeilge amháin ann: Gaeilge na Gaeltachta (mar a bhí caoga bliain ó shin), nó Gaeilge na Leabhar, nó an Ghaeilge chruinn ghramadúil / ghradamúil. Tá an ceart agat a Phroinsias, is iomaí saghas Béarla ann agus is iomaí saghas Gaeilge ann. Níl dream ar bith níos fearr ná gasúir ag roghnú an saghas teanga a theastaíonn don chomhluadar agus don chomhthéacs.

    ReplyDelete
  3. Pé scéal é, ag an aois sin is ag foghlaim céard a oibríonn atá siad. Bíonn m'iníon fhéin (atá 2 1/2) ag cuir Gearmáinís, Béarla agus Gaeilge tré chéile, ach ag feabhsú san trí theanga i gcónaí.

    Ní feidir linne ach an múnla is cruinne is féidir linn a chuir rompu.

    Feicfear amach anseo cén múnlaí atá fedihmeach, agus buan.

    ReplyDelete
  4. Tá mé ag déanamh go léann daoine leabhair Gaeilge lena gcuid páistí? An léann sibh stuif easca nó deacair?

    Rinne mé mo mhacnamh air seo agus smaoinigh mé ar seo, sa tsean-am chuala páistí neart seanchas, ArdGhaeilge, deacair a thuigbheál.

    Títear domsa go mbíonn daoine ag léamh ábhair éascaí leo, ar dóigh má tá tú ag iarraidh orthusan a léamh fosta agus an spreagfaidh sin doimhneacht na Gaeilge.

    'Air a bhí mise i mo ghasan d'fhoghlaim mise mo shaith Béarla ardnósach as céiríní is taeipeanna a cheannaigh m'athair dom, tréan Enid Blyton agus mar sin. Ba nós agam éisteacht leo is mé i mo leapa.

    Tá sé i gceist agam sin a dhéanamh le stuif Gaeilge don pháiste atá ag teacht - beidh orm iad a léamh mé féin is dócha!!

    Ach tá sé ar intinn agam ábhair deacair a léamh chun an doimhneacht a chothú - tá súil agam!

    Tá mé ag iarraidh ar ghach duine a thigeanns chun toigh s'againne gan ligint orthu go bhfuil an Bhéarla acu ar chór ar bith - an oibreoidh sé sin?

    ReplyDelete
  5. Meascán.

    Tá gá leis an stuif simplí chun iad a spreagadh chun léamh, agus an stuif casta chun go bhfoghlaimeoidh siad teanga saibhir.

    Is maith ann na rannta agus scéalta traidisúnta atá ar fáil ar CDanna, ach n'fheadar maidir le cinn Ultacha.

    Go bhfios dom, níl macasamhial Rabhlaí Rabhlaí ná Gugalaí Gug ó thuaidh - fós.

    ReplyDelete
  6. Ní striapach canúna mise a Aonghuis, a dháth ar bith i nGaeilg ó Ros go Cléire.

    Seans gurbh fhearr Foras Feasa na hÉireann a léamh!

    ReplyDelete
  7. Níor cheap mé gurbh ea.
    Ach tá sé go deas nithe a bheith agat atá gar do'd chaint fhéin.

    ReplyDelete
  8. Is dócha go bhfaca sibh an r-phost seo. Is páistí iad agus níl uathu ach dea-shamplaí. Ach seachas sin, má ghlactar le hathruithe mar sin, ar ball beag, ní bheidh ann ach Béarla éigin.

    ReplyDelete
  9. Níor ghlac sé an nasc!
    http://anthologyoi.com/anthropology/linguistics/the-future-of-the-english-language.html

    ReplyDelete
  10. Maidir le léitheoireacht. Bhí leabhair ag páistí s'againne ó aois an-óg. Le bheith fírinneach, is mó den stracadh agus den ithe a rinne siad leo ar dtús. Ní théann siad a luí anois gan leabhar, agus is iadsan a iarrann iad.
    Déarfainn féin go bhfuil na pictiúirí agus léaráidí níos tábhachtaí ag an tús. Má tá barraíocht focal nó iad ró-dheacair ann, cailleann siad suim agus bíonn siad ag iarraidh an leathanach a thiontú. Tá páistí an tí seo ábalta na scéalta a insint dúinne anois, cé nach bhfuil siad ábalta na focail a léamh, déanann siad ceangail idir na pictiúirí agus codanna áirithe den scéal.
    Sílim go bhfuil sé maith scéalta a insint dóibh ó bhéal. Déanaim sin go minic, agus dar ndóigh bím ábalta focail áirithe, nathanna cainte, saibhreas cainte etc a oibriú isteach ann.
    Maidir le daoine ag teacht chun tí agus iad ag ligint orthu nach bhfuil Béarla acu. Seans go n-oibeoidh sé, ag brath ar cé atá i gceist agat le 'oibriú'. D'fhéadfadh sé atmaisféar gaelach a chruthú thart fán teach.
    Tugaim faoi deara go dtarraingíonn na páistí Gaeilge amach as daoine a thig chun tí. Daoine ar bheagán Gaeilge, déanann siad iarracht i gcónaí cibé cúpla focal atá acu a úsáid leis na páistí. Cuid acu, d'fhoglaim siad an cúpla focal sin ó pháistí s'againne - go háirithe i Leitir Ceanainn.
    Comhghairdeas, dála an scéil - Cén uair a bheidh an lá mór ann?

    ReplyDelete