Monday, October 19, 2009

Íocshláinte

Teach lán tinnis againn anseo san am i láthair. Chaith Mámaí an lá sa leaba, Margaret in ísle brí, Cara ag casachtaigh léi. Is cosúil gur mise agus Dan an t-aon bheirt nach bhfuil buailte ag an bhreoiteacht.
Sin ráite, níl an gasúr beag thar a bheith ag ligint air, nuair atá buntaiste ann dó. Tháinig sé isteach sa chistin tráthnóna, cuma ghruama air, lámh ar a bholg: "Daidí, tá mise tinn. 'dtig liom 7-Up fháil?"
Fuair sé an 7-Up. Athrú míorúilteach a tháinig air. Caithfidh sé gur íocshláinte iontach é an deoch úd. É sin nó tá feith na haisteoireachta go smior ann!

4 comments:

  1. Leann sinséir a thugadh mó mháthair dom nuair a bhí mise tinn, “le do bholg a shocrú” a déarfadh sí. Níl aon sinséar in 7-Up... ach is féidir go bhfuil leigheas sa charbónú freisin!
    :-)

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir gur cheart duit "Eithne agus an bhruitíneach" a léamh dó. Tá aisteoireacht contúirteach! Biseach luath ar an gcuid eile de'd chúram.

    ReplyDelete
  3. An rud nach dtuigeann sibh, a fheara, ná go bhfuil ar na mná sin a dtinneas a chur díobh anois, mar go mbeidh orthu a bheith sláintiúil don am sin nuair a bheas fir an tí buailte leis an mbreoiteacht chéanna, ach iad míle uair níos tinne, dar leo féin ...:-)

    ReplyDelete