Friday, October 23, 2009

Margaret an Múinteoir

Achan rud ag tarlú go han-ghasta i dteach beag s'againne. Thosaigh Cara bheag ag ól báinne bó i rith na seachtaine. Tá sí anois ábalta ar a laghad trí fhocal a rá go soiléir agus sheas sí léi féin don chéad uair tráthnóna.
Tá na laethanta saoire ag toiseacht amárach agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag súil go mór leis an bhriseadh. D'imigh an 2 mhí dheireanach mar shop in aghaidh na gaoithe. Is iontach mar a sleamhnaíonn an t-am thart nuair atá tú gnóitheach. Tá breis agus 300 cóipleabhar agus scrúdú ceartaithe agam le trí sheachtain anuas, bhí ceolchoirm na scoile ann aréir agus bhí dráma le réiteach agam di, rinne mé eagarthóireacht ar dhá leabhar atá le foilsiú i gceann seachtaine, bhí suíomh idirlín na scoile le dearadh agus réiteach agam agus tá an teach damánta atá á thógáil againn ag glacadh suas cuid mhór de mo chuid ama. Ar mhullach seo uilig, ó thosaigh Margaret ar an naíonra, tá mé ar an bhóthar 4 huaire i rith an lae ag bailiú páistí agus á dtógáil ó áit amháin go háit eile. Tabharfaidh an léitheoir géarshúileach faoi deara gur mall san oíche a bhím ag postáil anseo. Is deacair aon am a fháil fána choinne go dtí go mbíonn na páistí ar shiúl a luí.
Níl mé ag gearán. Is maith liom a bheith gnóitheach. Mothaím go n-oibrím níos fearr nuair atá mé faoi bhrú. Sin ráite, is mise atá ag súil leis an scíste bheag. Bainis (gan na páistí... bhfuil cead agam 'yipee' a rá) againn an deireadh seachtaine seo agus ansin Oireachtas na Gaeilge ag teacht go Leitir Ceanainn an tseachtain seo chugainn. Chaill mé an tOireachtas i gCorcaigh an bhliain seo caite don chéad uair le cúig bliana déag, mar go raibh Cara ar an bhealach. Ar chúis éigin, ní thabharfadh Suzanne cead dom taisteal ó dheas! Tá mé ag súil go mór leis i mbliana.

Ar scor ar bith, chun teacht chuig ábhar mo phostála, bhí mé ag glanadh suas sa chistin tráthnóna i ndiaidh an dinnéir agus tharla gur chuala mé Margaret agus Dan sa tseomra béal dorais. Bhí Margaret ag iarraidh a chuid uimhreacha a theagasc do Dan as Spáinnis:
"Dan, abair unos, dos, tres..." (mo leithscéal faoi aon mhílitriú - níl an teanga ar mo thoil. Ó Dora a fuair Margaret a cúpla focal).
Bhí sé aisteach éisteacht léi ag iarraidh an Spáinnis a theagasc dó trí mheán na Gaeilge. Is maith liom smaoineamh go bhfuil sí de mo leanstan. I ndiaidh an tsaoil nach é sin an jab atá agamsa, ábhair a theagasc trí mheán na Gaeilge, ach níos mó ná sin is é an rud atá ag rith liom anocht ná an uaillmhian dochreidte neamheaglach a bhaineann leis an óige. Dar le Margaret, 'tá mise trí bliana d'aois, an bhfuil aon chúis nár chóir domh a bheith ag múineadh Spáinnise do mo dheartháir beag?' Caithfidh mé a rá nach bhfeicim aon chúis ina héadan.
Tá cúpla cleas múinteoireacht le foghlaim aici go fóill, áfach. Éiríonn sí ró-theasaí nuair nach ndeireann Dan na focail i gceart nó nuair a bhriseann sé amach ag gáire. Leath an ama, bíonn an leaid óg ag magadh fuithi. Ní thuigeann sí, an créatúr, agus go minic tig na deora agus an cáineadh 'Tá Dan iontach dalba'. De ghnáth, ní bhíonn de dhíth ach barróg bheag agus bíonn sí ar shiúl léi arís ag iarraidh oideachas saoil a chur ar an fhear beag.
Bainim an-sult as!

4 comments:

  1. Bhuel, tá áthas orm go bhfuil tú sásta fanacht i do shuí i lár na hoíche ag scríobh chugainn. Bainimse an-taitneamh as na radharcanna seo isteach i do shaol. Treise leat!

    ReplyDelete
  2. A Phroinsias tá trua orm go bhfuil tú ró-ghnótach ach tá an cur síos ar togáil do chlann an-shuimiúil.Tugann sé ar ais cuimhní dom ar an am nuair a bhí mo phaistí féin óg.Bhí mise ro-ghnótach an am sin ag togáil teach, post agam agus cé go raibh mé pósta bhí orm cúnamh a thabhairt do mó thuismitheoirí agus mo dhearthair leis an bhfeirm.Ní raibh ionam na tránna go léir a fhreastail. Ná déan an botún cheanna tú féin mar fasann na páistí suas go h-an tapaigh agus ní féidir an chlog a chur siar an tráth sin.Tá súil agam go mbainfidh sibh taithneamh as an tÓireachtas i Leitir Ceanainn i mbliana.

    ReplyDelete
  3. A John, bíonn sin ar m'intinn de shíor. Sin an fáth gur san oíche a dhéanaim mo chuid oibre, nuair atá na páistí ina gcodladh. :-)

    ReplyDelete
  4. Aontaím libh beirt, a Dennis agus a John M.

    Is muidne atá ag foghlaim ó na páistí, a Phroinsias ...:-)

    ReplyDelete