Ag ól tae dúinn sa chistin i ndiaidh an dinnéara a bhí mé féin agus mo bhean mhaith tráthnóna. I mbun plé ar an bholcán san Íoslainn a bhí muid, óir tá sé beartaithe againn dul go hAlbain Dé hAoine. Tá mo chol ceathar ag pósadh ar an tSatharn agus tá ticéidí againn do eitilt ó Bhéal Feirste. Dar ndóigh, bhí an chuma ar an scéal nach mbeadh an t-eitleán ag tabhairt faoi na spéarthaí Dé hAoine ar chor ar bith agus bhí muid ag iarraidh socruthaithe báid a phlé.
Baineadh léim asam nuair a d'amharc mé thar ghualainn Suzanne agus amach an fhuinneog. Thuas ansin idir na scamaill, caidé a chonaic mé ach eitleán.
7.05 pm, ag taisteal soir thar Thuaisceart Dhún na nGall. Shílfeá gur ainmhí allúrach éigin i mbaol a dhíothaithe a bhí feicithe againn, bhí an oiread sin iontas agus gliondar orainn.
Cé go raibh áthais orainn an chomhartha ón spéir a fháil, níl muid cinnte go fóill cén fáth go raibh eitleán sa spéir ag a seacht a chlog. De réir nuacht RTE ní raibh an t-aerspás le foscailt arís go dtí a 9, agus ansin go ndéanfaí é de réir a chéile. Ceann de na mistéir bheaga a chuireann sú sa tsaol, is dócha!
An RAF ag coinneáil súil ort, b'fhéidir?
ReplyDeleteB'fhéidir é! Déarfainn go raibh sé ag eitilt íseal mar bhog sé an-ghasta fríd an spéir. Is ar éigean go raibh am agam mo lámh a chur ar mo cheamara!
ReplyDeleteTá cúpla ceann feicthe agam féin, a Phroinsias, cé nach cuimhin liom cén t-am ná cén treo ina raibh siad ag dul, ach go bhfaca mé iad ag am nach raibh eitleáin in ainm a bheith san áit ina raibh siad!
ReplyDelete