Thaitin an ceol go mór liom riamh, ach fosta thaitin an modh inste scéil go mór liom. Scéal an Chéasta inste trí shúile Iúdais. Caithfidh mé a admháil go raibh bá éigin agam do Iúdas - an duine is mó a shaothraigh míchlú dó féin i stair na Críostaíochta - riamh. Deir daoine áirithe gur ghníomhaí de chuid an Diabhail a bhí ann, ach ag an am chéanna ní fhéadfaí plean Dé a chur i gcrích gan é. Bí ag caint ar dhuine a bhí gaibhte idir dhá thine Bhealtaine!
Is maith liom an carachtar. Is maith liom an phraiticúlacht a bhaineann leis. Is maith liom an réalachas a bhaineann leis. Feicim mé fein ann go minic, duine gur mhaith leis creideamh gan ceistiú a bheith aige, duine nach dtuigeann an pictiúr mór. Tá daonnacht mhaith ag baint leis an charachtar agus ní chóir dúinn é a lochtú barraíocht - má dhéanaimid, is amhlaidh go bhfuil muid dár lochtú féin mar dhaoine.
Ceann de na línte is fearr liom uaidh (sa cheoldráma): "Your followers are blind, too much heaven on their mind..."
Nach maith a d'fhoirfeadh sin don chraic a bhí ar siúl san Eaglais, a chuir na deisceabail eile tús léi, le tamall anuas!
Sílim go mb’fhearr dúinn an scéal a bhreathnú mar atá sé — trí shúile Iúdáis. D’inseodh Iúdás scéal difriúil go soiléir leis an cheann a d’inis N. Maitiú agus N. Eoin. Ina theannta sin is mór idir Iúdás agus Peadar a rinne siad beirt peaca (“Móra duit, a Rabbi!” agus “Ní haithnid dom an fear sin!”). Ghoil Peadar go géar, ach chroch Iúdás é féin. Thug Iúdás ar ais na triocha píosa airgid, ach thóg sé an aithrí chontráilte.
ReplyDeleteDe réir Shoiscéal Iúdáis, téacs gnóisíoch a bhfuil alt faoi anseo, bhí Iúdás umhal do Íosa tríd síos.
ReplyDeleteIs iomaí scéal a chumtar sa saol seo. Dar le Críostaithe, níl ach Soiscéal amháin ann, ámh (agus ceithre fíorleagan den scéal).
ReplyDelete