Wednesday, April 28, 2010

An Trí-atlan Mór!

Is breá liom Albain! Tá dúil mhór agam sna daoine agus sa tír.
Chaith muid an deireadh seachtaine i bPerth. Bhí mo chol ceathar ag pósadh ann agus bhain muid an dusta de na cláir go dtí go raibh sé geal ar maidin. An t-aon deacracht a bhí againn ná éirí maidin Dé Domhnaigh agus aghaidh a thabhairt ar Éirinn. Traein, eitleán, carr agus bád a thug abhaile muid agus faoin am gur bhain muid an teach amach, bhí naoi n-uaire go leith caite againn ag taisteal, rud nach bhfuil inmholta ar chloigeann tinn! Is cuid den tsaol é. Ní féidir pleisiúr a bheith agat gan íoc go daor as!
Ar scor ar bith, chuir an dua a bhí orainn ócáid mhór eile atá ag tarlú sa bhaile an deireadh seachtaine seo i gcuimhne domh. An chéad trí-atlan riamh a reactáladh in Árainn Mhór. Beidh lúthchleasaithe ó chuile chearn ag cruinniú ar an oileán an deireadh seachtaine beag seo agus is cosúil go bhfuil an lóistín ag éirí gann. Bhí suim agam i gcónaí sa rás áirithe sin. Deirtear go bhfuil sé ar cheann de na rásanna is deacra atá ann. Rith sé liom cúpla uair le bliain nó dhó anuas gur chóir domh féin triail a bhaint as, ach ní dhearna go fóill. Seans go mbeidh an deireadh seachtaine seo ina spreagadh domh tabhairt faoin dúshlán.
Rinne cara de mo chuid an físeán seo den chúrsa rothaíochta, má tharlaíonn éinne agaibh ar an oileán agus fonn rasaíochta oraibh. Fáilte roimh chách!



Má amharcann tú go cúramach tá mé féin le feiceáil san fhíseán seo, ag tiomáint in aghaidh an cheamara i mo Suzuki beag!

8 comments:

  1. Radhairc áille, agus tá an t-oileán i bhfad níos mó ná mar a cheap mé!

    Ní haon ionadh go raibh uait teach agus clann a thógáil ann, a Phroinsias...:-)

    ReplyDelete
  2. Cén t-ainm a thugann sibh ar leath thiar den oileán? An leath gan chumhacht. Chuala mé daoine ag rá The dark side as Béarla.

    An bhfuil mo dhuine leis an JCB fós ann?

    Bhí mé ar d'oileán uair nó dhó ach níor thug mé cuairt ar mórán áiteanna lasmuigh den phub!
    Ba bhreá liom a dhul ar ais agus an bealach sin a dhéanamh ar rothair.

    ReplyDelete
  3. Is dócha go bhfuil tú ag caint faoi 'Athphort' a Dhubhaltaigh, cé nár mhaith liom "The Dark Side" a thabhairt air. Shílfeá go raibh Darth Vader ina chónaí ann.
    Bhí scoilt stairiúl ar an oileán, bunaithe mar a dúirt tú ar chumhacht agus ar labhairt na Gaeilge. Sna blianta i ndiaidh an Ghorta Mhóir, thóg an Tiarna Talaimh teach dó féin ar an taobh thoir (An Leadhb Gharbh). Is ann fosta a thóg sé scoil, teach cúirte, oifig poist, staisiún poilíní agus cé. Mar gheall ar an tionchar seo d'éirigh labhairt an Bhéarla láidir ar an taobh sin den oileán. Mhair an Ghaeilge ar an chuid eile den oileán... the dark side... mar a deir tú.
    Go dtí an lá atá inniu ann, tá an chuid is mó de na háiseanna, siopaí, etc etc ar an Leadhb Gharbh, rud nach maith le muintir Athphoirt ar chor ar bith, ach le bheith fíreannach, ó tháinig carranna isteach agus nach bhfuil sé d'fiachadh ar dhaoine siúlóidí fada a dhéanamh ní shílim go bhfuil an scoilt chomh mór sin anois. Rud é a bhí go mór in intinn ghlúin m'athara ach nach bhfuil chomh tábhachtach d'aos óg na linne!

    JCB? Tá cúpla ceann ar an oileán. Seans gur John Bán atá i gceist agat.

    ReplyDelete
  4. Wow, turas álainn tríd an oileán. Níor cheap mé go raibh an oiread sin tithíochta ann.

    Cuireann sé an suíomh seo in aigne dom - http://www.google.ru/intl/ru/landing/transsib/en.html - suíomh inar féidir turas an Trans-Siberian Express a thógaint ar do ríomhaire (le do rogha cheol Rúiseach!).

    ReplyDelete
  5. "Seans gur John Bán atá i gceist agat."

    B'fhéidir é, ach más buan mo chuimhne "John JCB" nó rud éigin mar sin a bhaist siad air. Bhí duine éigin ann darbh ainm "Taxi" freisin.

    Tuigim an difríocht idir an leath thiar agus an leath theas, bhí pub gar don ché gan mórán Gaeilge á labhairt ach bhí pub ansin níos faide síos an bóthar agus neart Gaeilge á labhairt.
    Bhí daoine as Baile Átha Cliath ó dhúchas ina gcónaí ann freisin, agus scoth na Gaeilge acu.

    Bhíodh aithne agam ar dhaoine ó oileán tráth.

    ReplyDelete
  6. GRMA as an gcuairt!

    Ceist agam ort faoin bhfocal “beag” san abairt “an deireadh seachtaine beag seo”. Tá a fhios agam gur féidir leis tagairt a dhéanamh do rud éigin a tharla cheana féin: “Labhair mé leis anois beag; chonaic mé inné beag é”. An úsáidtear é go coitianta sa todhchaí freisin, .i. “déanfaidh mé anois beag é” nó “Dé Luain beag seo chugainn” ?

    ReplyDelete
  7. Níor chuala mé leithéidí "déanfaidh mé anois beag é", ach bheadh "Dé Luain beag seo" (gan an 'chugainn') coitianta. Da ndéarfadh duine "Beidh mé ann Dé Luain beag seo" liom, is í an chiall an bhainfinn as nó go raibh sé le teacht ar an Aoine a bhí díreach romhainn.
    Chuala mé in úsáid san Aimsir chaite fosta. "Tráthnóna beag aréir" agus a leithéidí. Ní haon saineolaí ar mhionchúrsaí gramadaí a Denis, seans - mar atá le cuid mhór rudaí - go bhfuil dul amú sa chaint orainn. :-)

    ReplyDelete
  8. Go raibh maith agat as na difríochtaí seo a mhíniú. Tá an méid seo an-luachmhar mar is tusa an duine “ar an talamh”, an t-iriseoir neadaithe!
    :-)

    ReplyDelete