Cuirim i gcás an focal 'roinnt', focal a bhí in úsáid aici go minic le bliain nó dhó anuas. Deireadh sí i gcónaí "Níl Dan ag rannt (roinnt) liom". Le tamall anuas, is é "Níl Dan ag share-áil liom" atá le clos uaithi.
Glacaim leis gur chuid de phróiséis an dátheangachais é seo, go mbíonn focail ar aonchiall á malartú aici ina hintinn. Níl mé ró-bhuartha faoi. Ar ndóighe, bímid féin tugtha go maith don 'áil' agus don 'áilte' sa ghnáthchaint eadrainn. Ní Gaeilge mhaith í, is dócha gur Gaeilge fhalsa í, ach ar dhóigh aisteach, tá blas nadúrtha ag baint léi.
Bhfuil cur amach ag aon duine eile ar na próiséis seo? Ba bhreá liom tuilleadh eolais a fháil futhu.
Is treise tionchar na Gearmáinise le mo ghasúir, mar sin níl an áil-leacht cloiste agam.
ReplyDeleteIs cuimhin liom an chéad uair a chuala mé an focal 'smúdáil' i nDún na nGall - shíl mé gur 'smootháil' a bhí ann, rud a dhéanfadh ciall, nach ndéanfadh ...:-)
ReplyDeleteTá mé ag déanamh gurb é sin bunús an fhocail, a Áine. Sin a thuig mise i gcónaí ar scor ar bith, go ndearnadh gaelú áirithe ar an fhocail 'smooth'.
ReplyDeleteB'fhéidir go bhfuil mé contráilte.