Thursday, October 8, 2009

Ag seasamh ag an ché.

Bhí bás tragóideach againn ar an oileán an deireadh seachtaine seo chuaigh thart, a bhain croitheadh maith asainn uilig.
Tá nós beag ann sa bhaile, nuair a thig corp duine mairbh isteach ón tír mór, go gcruinníonn an pobal ag an ché. Seasann achan duine ansin go ciúin ag amharc ar an bhád ag teacht i dtír. Is cuma cé atá ann, beidh céad nó níos mó duine thíos ansin ag fanacht ar an chónra.
Is iomaí deasghnáth a bhaineann leis an bhás, ach is maith liomsa an ceann seo. Níl aon bhaint aige le reiligiún, le pisreogaí, le riachtanais tórraimh - níl ann ach pobal briste ag seasamh le chéile chun fáilte a chur roimh dhuine dá gcuid féin ag teacht abhaile don uair dheireanach.
Is beag duine a théann ón ché go teach na faire. Fágtar sin go dtí níos moille. Tugtar am don chlann agus dá comharsana achan rud a shocrú sa teach. Tugtar cuairt ar an fhaire an oíche sin nó an lá ina dhiaidh.
Is maith liom a shamhlú go bhfuil dhá chuspóir leis an chruinniú ag an ché: tacaíocht a thabhairt don chlann / meas a léiriú ar an mharbh ach fosta seans a thabhairt don phobal tacú lena chéile. Is cuma cén argóintí agus easaontais atá eadrainn, is in Ard Mhuire (an reilig) a gheobhaidh muid uilig ár leabaidh sa deireadh thiar thall. Tá an saol crua agus gairid agus is maith seasamh le chéile nuair atá faill againn.
Is fada go gcneasóidh ár gcroíthe an iarraidh seo. Go ndeana Dia a mhaith ort, a Phaul. Fuair tú seasamh nach bhfaigheann mórán ag an ché!

8 comments:

  1. Go raibh maith agat as daonnacht an deasghnátha sin a roinnt linn. Ní maith liom bhur dtrioblóid.

    ReplyDelete
  2. Bhí tú i mo smaointe ó chuala mé an scéal ar an nuacht, a chara. Beidh an t-am seo crua ar mhuintir an oileáin, agus an t-am atá le teacht níos measa arís. Ní maith liom bhur dtrioblóid.

    ReplyDelete
  3. I mo smaointe fosta.

    Go mbeidh suaimhneas i ndán díobh!

    Mar a deir Dennis is maith agus is daonna an nós agaibh.

    ReplyDelete
  4. Cur síos corraitheach cumasach, a Phroinsias. Thug sé deora chun súile an fhir bhréige seo. Síocháin go raibh ag an bhfear óg.

    ReplyDelete
  5. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  6. Tacaím leis a bhfuil ráite thuas. Is deasghnáth iontach é.

    ReplyDelete