Showing posts with label Nollaig. Show all posts
Showing posts with label Nollaig. Show all posts

Tuesday, December 28, 2010

Bronntanas!

Bhí Nollaig an-shona againn anseo sa bhaile in Árainn. Tháinig Santaí agus bhí sé maith do na páistí. Lasadh na coinnle Oíche Nollag, chuir Margaret Bábaí Íosa sa mháinséar, ceoladh carúil, tugadh cuairt ar ghaolta is comharsana, éisteadh aifreann, itheadh agus óladh ár sáith is níor thit aon duine amach lena chéile thar thréimhse na saoire.
Níor chuir an drochaimsir isteach orainn ach an oiread, cé go raibh muid gan uisce reatha ó bhí Dé Máirt seo chuaigh thart ann. Buíochas do Dhia tháinig coscairt inné agus fuair muid uisce fríd na píobaí oíche aréir. Caidé mar a dhéanann na mná é? Chuir mo bhean mhaith, Suzanne, dinnéar ar an tabla do 18 lá Nollag gan uisce ar bith sa teach. Bhí muid marbh amach ag cuartú tobar agus foinsí eile uisce sna laethanta roimh an Nollaig mhór. Bhí go leor leor tithe ar an oileán gan uisce reatha le seachtain anuas.
"Caithfear pilleadh ar na foinsí" (na tobair) a deir an Searcach. Chuir sé mé ag smaoineamh. Is trua chomh fada is atá muid imithe ó na tobair agus na foinsí úd. Cé go bhfuair Santaí neart margaí i mbliana agus luach a chuid airgid faighte go han-mhaith aige, fós féin measaim gur chaith sé barraíocht ar pháistí s'againne. Ní hé nach bhfuil is fearr ar domhan tuilte acu, ach tugaim faoi deara gur mó an sásamh a bhaineann siad as na rudaí simplí ná mar a bhaineann siad as na rudaí daora. Chaith siad an mhaidin uilig ag súgradh le rudaí a cheannaigh Santaí ar chúpla Euro beag agus ba bheag an tsuim a bhí acu sa teilifís (an bronntanas mór) a cheannaigh fear na feasóige ar €120.
Cé gur chaith mo bhean mhaith airgead orm féin - in aineoinn mo dhian-mholadh gan níos mó ná €10 a chaitheamh ar bhronntanas domh - caithfidh mé a rá nárbh í a thug an bronntanas is fearr a fuair mise i mbliana.
Bhí m'uncail - deartháir mo mháthar - linn do bhéile na Nollag. Fuair a bhean chéile bás dhá bhliain ó shin agus níl páistí ar bith aige. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh sé linn anuraidh ach thug col ceathair de mo chuid cuireadh dó sula bhfuair mé faill. Mise is luaithe a thug cuireadh dó i mbliana agus is chugamsa a tháinig sé.
Thug sé beart beag litreacha domh nuair a chuaigh mé chuig teach s'aige i Screig an tSeabhaic lena bhailiú don dinnéar. Sin a bhí aige mar bhronntanas domh. Litreacha a scríobh mo mháthair chuig a tuismitheoirí na blianta fada ó shin. Tá mo mháthair marbh le 30 bliain. Ní raibh mise ach 6 bliana d'aois nuair a d'éag sí. Tá cuimhní agam uirthi ach tá siad fánach. Níor léigh mé na litreacha go dtí go raibh mé liom féin i ndiaidh do achan duine imeacht chun an bhaile i ndiaidh dinnéar agus céiliúradh na Nollag (4 a chlog ar maidin). Ní miste liom a rá gur chaoin mé mo sháith i marbhthráth na hoíche úd.
Bhí litir ann a scríobh mo mháthair abhaile lá i ndiaidh mo bhreithe. Í ag insint dá máthair fán saothar a bhí aici mé a thabhairt ar an tsaol, í ag déanamh cur síos gráúil orm, ag insint dá tuismitheoirí faoin bhród a mhothaigh m'athair go raibh mac faighte aige, etc etc. Litreacha eile insíonn siad scéal mo chuid diabhlaíocht linbh, mé ag toiseacht ag caint, mé á cur ó chodladh.
Luigh na litreacha sin i scioból sa tseanbhaile leis na blianta go dtí gur tháinig m'uncail orthu trí thimpiste cúpla seachtain ó shin. Ní bhfaighidh mé bronntanas a choíche arís go deo - dá méid saibhris a bheas againn sna blianta amach romhainn - ná an bronntanas a fuair mé uaidh i mbliana!

Nollaig shona agus bliain úr mhaith d'achan duine a léifeas seo!

Wednesday, January 6, 2010

Seachaint na Nuachta

Ar ais i Leitir Ceanainn anocht i ndiaidh na Nollag agus na Bliana Úire. Bhí sé ag plúchadh sneachta anseo inniu, ach d'éirigh linn ár dteach beag ag barr Chnoc an tSionnaigh a bhaint amach.
Ní dhéarfainn gur clástrafóibe a tháinig orainn ach bhí an chuma ar rudaí go raibh muid sa mhullach ar a chéile anseo i Leitir Ceanainn tráthnóna. Millte ag an spás agus an fhairsinge a bhí muid le coicís anuas. Ar an drochuair, tá an obair dár dtarraingt ar ais chuig an bhaile mhór agus ní ligeann an drochaimsir dúinn taisteal ón oileán achan mhaidin.
Tá go leor cainte éadóchasaí ann ar na mallaibh. Tá an chuma ar Éire go bhfuil sí faoi chrann smola. Buíochas le Dia go raibh sé uilig ceillte orm thar thréimse na Nollag. Mholfainn d'achan duine Nollaig a chaitheamh gan teilifís, mar a chaith muidne. D'éirigh liom féin agus le mo bhean mhaith cúpla leabhar an duine a léamh, d'éirigh linn labhairt lena chéile agus neart fíona a ól. Ar an iomlán, Nollaig shuaimhneach phleisiúrtha a bhí ann. Mar sin, tá mé ag tabhairt aghaidh dhearfach ar an bhliain úr seo romhainn.
Rúin na bliana úire? Níor shocraigh mé ar aon cheann go fóill, ach tá mé ag déanamh go mbeidh seachaint na nuachta ina measc. Mar atá, ní cheannaím nuachtáin, tá mé ag smaoineamh go láidir ar éirí as a bheith ag amharc ar an nuacht ar an teilifís fosta. Tá sibhialtacht áirithe ag baint leis an nuacht ar an raidió, áfach. Ní mhúchfaidh mé sin go fóill!


Monday, December 7, 2009

Bah Humbug!

Scrooge atá baistithe orm ar scoil le gairid.
Tharla sé Dé Máirt seo chuaigh thart, nuair a tháinig mé amach as seomra na múinteoirí agus nuair a shiúil mé isteach i gcrann Nollag a bhí á chóiriú ag an mhúinteoir ceoil. Thóg mé raic! Ní mar gheall ar an timpiste beag a bhí agam ach as siocair go raibh sé de dhanaíocht ag duine inteacht an Nollaig a thabhairt isteach i mo shaol roimh an ochtú lá den mhí.
Bhí riail daingean agam le blianta gan aitheantas ar bith a thabhairt do fhéile lár an Gheimhridh go dtí go raibh an t-ochtú lá ann. Ní cheannóinn bronntanas, ní chuirfinn cárda, ní chuirfinn crann in airde, ní cheolfainn carúl, dhéanfainn mo sheacht ndícheall í a sheachaint mar Nollaig go dtí go mbeadh an dáta sin caite.
Ní haon drochmheas atá agam ar an fhéile. Is breá liom í, ach m'anam ó Dhia, níl ciall ar bith le tús a chur i Mí na Samhna le féile nach gcríochnóidh go dtí tús Mhí Eanáir. "Tá rud beag sparkle de dhíth orainn aimsir seo an recession", a dúirt an múinteoir ceoil liom. Ní bhfuair sí uaimse ach 'Bah Humbug".
Táthar ag magadh liom ó shin i seomra na múinteoirí. Faighim giota beaga tinsel i mbac an cholúir (focal.ie ag teip orm arís!), bíonn crónán bog 'Oíche chiúin' le cluinstin ó mhúinteoir nó dhó agus mé ag dul thar bráid, ach glacaim leis. Ná bíodh sé le rá ag aon duine gur ghéill mé ar mo chuid prionsabal riamh.
Fan go dtiocfaidh Dé Máirt. Tchífidh siad ansin, go dtiocfaidh athrú ar Ebenezer. Beidh sé ansin ina fhear a bheas lán de ghliondar agus beocht an tséasúir... ach ní oiread is bomaite amháin roimhe sin!