Saturday, March 6, 2010

Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath

Díreach i ndiaidh pilleadh ó Bhaile Átha Cliath. Freastal déanta agam ar Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath. Tugadh cuireadh domh léamh a dhéanamh aige, rud a rinne mé ar maidin.
Féile bheag bhreá atá ann agus má bhíonn tú sa cheantar amárach nó Dé Luain ba chóir bualadh isteach chuig Halla na Cathrach. Is deas blaiseadh beag a fháil den chuid is fearr de litríocht na hÉireann i suíomh neamhfhóirméalta chairdiúil. Is í an cinéal féile í go dtig leat bualadh le gach saghas scríbhneora ó iad siúd atá go díreach ag tosacht ar bhealach achrannach na litreacha go dtí figiúirí móra litríochta agus iriseoireachta na linne. Uilig saor in aisce! Bígí ann!

3 comments:

  1. Bhí mé féin ag Éigse Dhoire inniu agus inné, a Phroinsias. Go leor rudaí ag dul ar aghaidh, i ngach áit, an deireadh seachtaine seo, is cosúil. Bhí do chuireadh tuillte agat, a chara.

    ReplyDelete
  2. Is cuma liom céard a cheannaigh tú i bPennys, ach cogar... ar éadromaigh tú do phocaí ag an bhféile?

    ReplyDelete
  3. D'eadromaigh, a Denis. Cupla leabhar eile ar mo charn.

    ReplyDelete