Friday, March 12, 2010

Quo Vadis Texas?

Ní fear mór nuachtán mé, ach tá sé de nós agam súil a chaitheamh anois is arís ar an New York Times. Tháinig mé trasna ar an alt seo inniu agus chuir sé isteach orm. Ní fearg a mhothaigh mé, ach brón agus rud beag imní.
Anois, is cuma sa tsioc liom cén tuairim atá ag duine ar bith faoin domhan ina mairimid - bíodh agat agus bíodh agamsa! - ach mar oideachasóir agus mar staraí chuir a bhfuil ar siúl in Texas isteach orm.
Ní duine mé atá ró-thugtha don daonlathas. Córas lochtach go maith atá ann, agus dar liom tá cuid mhór de na lochtanna sin á nochtadh féin san am i láthair in Texas.

5 comments:

  1. Ní rud nua é seo, faraor, i SAM. Nó i gcuid den tír seo, le bheith cruinn. Níl céatadán iontach mór den phobal sna “státaí dearga” sásta glacadh le Darwin agus a theoiric ar chor ar bith. Ní chreideann siad go bhfuil an talamh níos sine ná 10,000 bliain nó mar sin. Séard a chreideann siad ná go bhfuil chuile fhocal sa Bhíobla fíor, agus sin sin. Fuair mé ríomhphost inniu ó fhear mo neachta. Thug sé American Taliban orthu siúd.

    ReplyDelete
  2. Idirdhealú is gá dúinn a dhéanamh ar oideachas agus bolscaireacht. Sílim go bhfuil iomarca bolscaireachta ann agus níl go leor oideachais ann. Rinne páirceanna an áir de scoileanna anseo. Sílim go nochtann sé ár sochaí scartha. Is mór an trua é, dar liomsa.

    ReplyDelete
  3. Is trua sin. Ní maith liom breithiúnas a thabhairt ar nósanna tíortha agus cultúir eile. Tá súil agam nach nglacann sibh a raibh le rá agam mar cháineadh ar na Stáit. Tá an-mheas agam ar go leor a bhaineann leis an Oileán Úr!

    ReplyDelete
  4. Ná creid gach a léann tú, go háirithe sa NYT.

    ReplyDelete
  5. Is duine an-sceipticiúil mé, a Shéamais, go háirithe nuair a thig sé chuig nuachtáin.
    An é go bhfuil botúin nó bréag ann?

    ReplyDelete