Monday, January 24, 2011

"Daidí, ní maith liom tusa!"

Nach iontach mar a úsáidtear an grá mar uirlis cogaidh. Tá leaid beag agam sa bhaile atá ag foghlaim cén dóigh le dúmhál mothúchánach a imirt orm.
Bhí milseáin á lorg aige inniu ach dhiúltaigh mé iad a thabhairt dó. D'iarr sé an dara huair, achan 'le do thoil' agus impí uaidh. Dhiúltaigh mé arís ag míniú dó go mbeadh an dinnéar ann gan mhoill agus dá mbeadh sé ina ghasúr mhaith go mb'fhéidir go bhfaigheadh sé rud inteacht ansin.
"Ach Daidí, mise do ghasúr!", cuma an bhróin ar a aghaidh bheag.
D'fhéadfainn géilleadh ag an phointe sin ach sheas mé an fód. D'athraigh sé tactaicí ansin go tobann agus chuir sé pus air féin.
"Daidí, ní maith liom tusa!"

Nuair a bhí an dinnéar ite, fuair na girseachaí cúpla milseán. Tháinig Dan ag lorg a choda.
"Daidí, is maith liom tú anois!"

Fuair sé a mhilseáin!

4 comments:

  1. Maith thú!
    Tá m'iníonse faoi láthair gafa leis an nath "Ní mise do dhlúthchara níos mó!"

    ReplyDelete
  2. Nach aoibhinn saol an tuismitheora! Rinne tú go maith, a Phroinsias...:-)

    ReplyDelete
  3. Páistí beaga, cleasa beaga.

    Ach fan go bhfeice tú:
    Páistí móra, cleasa móra! :-)

    ReplyDelete
  4. Táim ag iarraidh déanamh réidh do na cleasanna móra sin Ormondo. Ar a laghad, is múinteoir meánscoile mé agus tá cur amach beag agam ar chleasanna déagóirí!

    ReplyDelete