Sunday, January 23, 2011

Wedgies, Purple Nurples & Noogies!

Tá mé den bharúil le tamall maith go bhfuil easpa tábhachtach i bhfoclóireacht na Gaeilge, béarlagar na n-óg!
Focal coitianta ar nós 'cool', tugtar 'faiseanta' nó 'seolta' mar rogha ar focal.ie. Ní dóigh liom féin go bhfuil ciall an fhocail mar atá sé ag an aos óg tagtha slán le ceachtar den dá rogha. Taobh amuigh den fhocal sin, is beag focal eile den tsórt a bheadh i ngnáthúsáid ag ógánaigh atá ar fáil in aon bhailiúchán focal Gaeilge.
Mo thuairim féin ná gur chóir na focail seo a uchtú, a ghaelú rud beag b'fhéidir nó iad a fhágáil i gcruth Bhéarla agus stádas 'iasachta' a bhronnadh orthu. Tá sé tábhachtach a leithéid a dhéanamh. Bím ag scríobh agus ag aistriú go minic agus ba mhaith liom a bheith in ann iad a úsáid, ach drogall orm iad a dhéanamh de bharr an easpa stádais atá acu sa teanga. Is gá don scríbhneoir iad a chur i gcló iodálach, le taispeáint don léitheoir gur iasacht atá ann, leithéidí: "Thug sé wedgie do Mhicí..."
Muna bhfuil an téarma againn i nGaeilge ghlan, ba chóir an téarma a uchtú díreach ón Bhéarla ach stádas a bheith tugtha dó san fhoclóir. Feicimse nach bhfuil fadhb mhór ag lucht foclóra i dtíortha eile a leithéid d'iasachtaí a bheith aitheanta sa teanga scríofa. Tá an iliomad sampla de sa Bhéarla. Tá sé ag tarlú sa ghnáthchaint cé bith, tá sé tábhachtach an treocht a bheith aitheanta sna foclóirí fosta!
Tharla gur iarradh orm Gaeilge a chur ar chúpla ceann acu ar na mallaibh: wedgie, purple nurple agus noogie. Tarraingt fobhríste, casadh cíche agus núgaí a thug mé orthu (cé go raibh fonn orm wedgie a fhágáil sa Bhéarla!) Bheadh suim agam a fháil amach an mbeadh moltaí níos fearr ag éinne!

6 comments:

  1. Cé gur chuala mé “noogie” agus “wedgie” roimhe seo, bhí orm dul i gcomhairle leis an saoithe ag Wiki-pranks len iad a thuiscint. Is cosúil go bhfuil cúpla ainm eile - nipple cripple mar shampla - ar an dara ceann. An dóigh leat gur fiú téarma chomh gearrshaolach sin (is dócha!) a ghaelú? Maidir leis an dá cheann eile, fadhb air bith ach amháin an cheist seo: cén litriú a chuirfeá ar “wedgie” le go mbeadh sé inaitheanta?

    Dála an scéil, fuair mé Rún an Bhonnáin sa phost inné.
    :-)

    ReplyDelete
  2. Bíonn foclóirí caomhach de ghnáth, ar mhaithe le gan stádas a bhronnadh ar bhéarlagair gearr saolach.

    Ach nach ó do chomharsain óga ba cheart duit a bheith ag fáil leaganacha dóibh seo seachas ón gCoiste Téarmaíochta, pé scéil é? Cad atá i mbéal an phobail?

    ReplyDelete
  3. Go sábhála Cé sinn, a Phroinsias! Cé gur chuala mé faoi 'wedgie' ó mo chlann féin blianta ó shin, chaithfeadh sé go bhfuilim róshean, mar nár chuala mé iomrá ar na cinn eile riamh!

    Agus, ní raibh mé páirteach ina leithéidí, go bhfios dom...

    Mar sin féin, déanfaidh mé machnamh air seo, agus má ritheann a dhath liom, tiocfaidh mé ar ais chugat. ;-)

    ReplyDelete
  4. Ócé - iarracht thuirseach, agus maith dom iad!

    wedgie - tachtadh tóna

    purple nurple - pinse sine

    noogie - cuimil imill

    Bhuel, tá rím iontu, pé scéal é! ASG

    ReplyDelete
  5. An mhaith, a Áine! ;-) Ní shamhlóinn a leithéid de chaint (gníomh) ag do mhacasamháil de bhean uasal. Tuigim mar sin d'easpa taithí ar na focail úd!

    Cá bhfios cé chomh gearrshaolach is a bheidh na focail seo, a Dennis. Sílim gur chóir 'wedgie' a fhágáil sa Bhéarla, níl fhios agam cén dóigh a dhéanfá gaelú air!

    De réir mo thaithí, a Aonghuis, is i mBéarla amháin atá na focail sin ag an aos óg, fiú iad siúd a labhraíonn Gaeilge! Tuigim go bhfuil foclóirithe caomhach agus a gcuid cúiseanna féin acu. Ba chóir domh a bheith níos misniúla agus iad a úsáid beag beann ar chló iodálach ná lucht na Gaeilge glaise cirte!

    Súil agam go mbaineann tú sult as an leabhar, a Dennis!

    ReplyDelete