Tuesday, February 15, 2011

Luchógaí Shráid Downing!

Is cosúil go bhfuil fadhb acu i Sráid Downing le luchógaí móra.



Tá sé ar intinn agam mála beag de chréafóg Thoraí a sheoladh chuig Daithí Ó Camarúin agus a chuideachta. Is iontach an stuif uilig é!
Fuair mise mo mhála thart ar 10 mbliana ó shin ó Phádraig Ó Dúchaoin ar Oileán Thoraí. De réir an tseanchais, leag Colm Cille cúram ar mhuintir Uí Dhúchaoin créafóg a thógáil ón tseanmhainistir ar an oileán agus é a roinnt ar cibé duine a thiocfadh á iarraidh. Bhí duine amháin de mhuintir Uí Dhúchaoin ó shin i leith a raibh sé de chúram aige an obair sin a dhéanamh.
Coinníonn sé luchógaí móra ar shiúl. Leag mise é ar an bhunsráith sa teach atá againn i Leitir Ceanainn nuair a bhí sé á thógáil agus rinne mé amhlaidh bliain nó dhó ó shin in Árainn Mhór nuair a bhí an teach sin á thógáil. Ní raibh fadhb againn riamh leis na luchógaí.
Níl fhios agam cén fháilte a bheadh ag MI5 leis? Seans go mbeidh siad ag caitheamh amhrais ar an chréafóg dhubh a rá gur ó sceimhlitheoirí nó antoiscigh a tháinig sé. Bíodh acu. Mar a dúirt Ó Dúchaoin liom nuair a thóg sé mé chuig an mhainistir leis an chréafóg a thógáil. 'Muna bhfuil creideamh taobh thiar de, ní oibreoidh sé!'
Sin ráite, seans go bhfuil creideamh níos láidre acu fá Shráid Downing na laetha seo ná mar atá ar Oileán na Naomh!

5 comments:

  1. Mar sin, caithfidh nach bhfuil luchóg ar bith ar Oileán Thoraí. An fíor é sin?

    ReplyDelete
  2. Nuair a chríochnaítear an físeán, chonaic mé cuid mhaith ag na diúlaigh móra san fhíseán eile. Títhear domh go bhfuil fadhb acusan!

    ReplyDelete
  3. Cuireann sé sin an chré naofa a fhaightear ó El Santuario de Chimayó i New Mexico i gcuimhne dom. Tá mála beag di agam fós, a fuair mé ann nuair a thug mé cuairt ar an áit tuairim is deich mbliana ó shin. Ba chóir dom blagmhír a scríobh air.

    ReplyDelete
  4. An ceart agat, a Ormondo, níl luchóg ar bith ar an oileán sin inniu.
    Rith sé liom tráthnóna gur chóir domh cuid di a scaipeadh ar an chosán chuig mo theachsa - b'fhéidir go gcoinneodh sé cuid de na luchógaí móra eile sin - lena gcaipéisí lánghealltanas is lena mbéil lánphlámás - ar shiúl!

    ReplyDelete
  5. @ 'b'fhéidir go gcoinneodh sé cuid de na luchógaí móra eile sin - lena gcaipéisí lánghealltanas is lena mbéil lánphlámás - ar shiúl!'

    Má oibríonn sé sin, cuir mála den chréafóg chugamsa!

    ReplyDelete