Wednesday, February 23, 2011

Nihil sub sole novum!

Tá mé i mo shuí cois tine i ndiaidh lá measartha gnoitheach. Cé go raibh mé ar mo bhonnaí ó mhaidin, rinne mé pointe de an teilifís a chur ar siúl do dhíospóireacht na gceannairí. Cé nach bhfuil mórán dúile agam sa daonlathas, is breá liom an pholaitíocht a choimhéad mar chaitheamh aimsire. Bím ag amharc uirthi trí shúile an staraí, i gcónaí ag iarraidh í a chur i gcomhthéacs gach a chuaigh roimhe seo agus ag iarraidh anailís a dhéanamh ar mar a sheasann rudaí inniu. De réir mar a théann na blianta ar aghaidh áfach, tuigim gur fíorbheagán athrú a thig ar chúrsaí an tsaoil bhig seo!
Bhí mé ag déanamh go mbeadh an toghchán seo fíor-spéisiúil, go dtiocfadh smaointí agus aghaidheanna úra réabhlóideacha amach as, ach caithfidh mé a rá nár shíl mé mórán den fheachtas. Ní raibh a dhath ann a spreagfadh duine le hamharc ar an tsaol trí shúile úra. Fíorbheagán físe léirithe ag na polaiteoirí! Níor spreag aon duine acu mé le vóta a chaitheamh ar a s(h)on. Ar an drochuair, níor chuidigh clár na hoíche anocht liom m'intinn a shocrú. Tá vóta le caitheamh agam amárach agus fós féin, níl a fhios agam cé a gheobhaidh an uimhir mhór nó an uimhir bheag uaim.
Bhí cúpla ceist náisiúnta agus cúpla ceist loganta ag dó na geirbe orm le tamall agus bhí mé ag fanacht le cuairt nó dhó ó dhuine nó beirt den aos polaitiúil teacht chuig mo dhoras le go gcuirfinn faoina mbráid iad. Níor tháinig aon duine i mo chomhair, cé go dtáinig cúpla bróiséar ildaite frid an bhocsa poist! Ar eagla na míthuigbheála, ní ag cuartú gair, gealltanas ná freagraí a bhím ó na polaiteoirí. Cuirim ceisteanna orthu le tomhais cén sórt daoine iad, cé chomh cliste is atá siad, cé chomh maith is atá siad ábalta a n-argóintí a chur trasna, cén sórt paisean a léiríonn siad. Tharla sé uair nó dhó go dtug mé vóta do dhuine - nach raibh aon mheas agam ar a chuid polasaithe ná ar a pháirtí - bunaithe ar an chomhrá a bhí agam leis ar an tairseach! Sin an rud a bhí in easnamh le mí anuas. Domhsa, bhí na díospóireachtaí leadránach, na ceannairí ró-shnasta ag comhairleoirí poiblíochta etc etc.
Bhí nós agam fad ó shin, vóta a chaitheamh i dtreo an duine nach raibh seans ar bith aige a bheith tofa. Seans go ndéanfaidh mé amhlaidh arís amárach!

Polaitíocht an Mheánoirthir agus na hAfraice faoi láthair - anois sin ábhar a thugann cúis mhachnaimh don staraí ionam. Cuireann sé 1848 i gcuimhne domh!

4 comments:

  1. Tá galar na gcás céanna agamsa. An méid a tháinig i'm threo, is giollaí na bpolaiteoirí iad, seachas na máistrí nó iadsan ar mian leo máistreacht a bhaint amach.

    Ar a laghad tá lá nó dhó eile agam teacht ar thuairim, ó tharla nach oileánach mé!

    ReplyDelete
  2. @ 'Cé nach bhfuil mórán dúile agam sa daonlathas'

    Céard a chuirfeá ina áit?

    @ 'Tá galar na gcás céanna agamsa.'

    Tuigim duit...

    ReplyDelete
  3. Sin an deacracht, a Áine, an rud a ba mhaith liomsa a chur ina áit, ní thaitneodh sé leis an chéad duine eile, agus fágtar muid le daonlathas, córas atá an-lochtach go deo. Ní hamháin go bhfuil sé lochtach ach tá sé contúirteach ar uairibh. Bhí mé ar an oiread sin coistí san am atá caite, go dtuigim go rí-mhaith gur bealach an-mhíéifeachtach é le cumann / club / tír a rialú. Bíonn ceannaire láidir amháin de dhíth chun rud a bhrú chun tosaigh!

    Táim féin tógtha le monarcacht, mar a bhí in Éirinn fadó, na Clanna agus na Taoisigh. Ní thiocfadh é a úsáid, díreach mar a bhí 400 / 500 bliain ó shin, ach thiocfadh cuid mhór den tsamhail a úsáid sa lá atá inniu ann.

    Cibé rud faoi sin, tá deachtóir láidir de dhíth ar an tír san am i láthair, duine a rachadh i ngleic leis na fadhbanna beag beann ar thoil santach na ndaoine! An deacracht atá ann ná deachtóir a fháil a oibreodh ar son leas an phobail agus ní ar son a leasa féin! Táim sásta mé féin a mholadh!

    (i.s. - agus mé ag léamh siar ar an phostáil seo ritheann sé liom go bhfuil mé ag sleamhnú i dtreo an fhaisisteachais i mo sheanaois! Sin an saol!)

    ReplyDelete
  4. @ 'Bíonn ceannaire láidir amháin de dhíth chun rud a bhrú chun tosaigh!'

    Bíonn, go deimhin, a chara!

    ReplyDelete