Saturday, July 23, 2011

Daniel agus an Stocaire!

Oíche stairiúil a bhí againn anseo Déardaoin seo chuaigh thart. Bhí banna píob an oileáin ag fanacht ag an ché ar chuairteoir an-speisialta. Fuair sé tionlacan píob ón ché suas an bealach mór go dtí an teach tábhairne. Cad eile a bhí ar siúl ach ceolchoirm dheireanach Daniel O'Donnell ar an oileán!
Naoi mbliana is fiche ó shin, fuair Daniel a chéad 'gig' ariamh i dTigh Andrew (mar a bhí) anseo in Árainn Mhór. De réir an tseanchais bhí Margo curtha in áirithe le theacht isteach agus ceolchoirm a dhéanamh, ach lá nó dhó roimhe tháinig an scéal go raibh sí tinn agus nach mbeadh sí ábalta a bheith ann. Julia, máthair Margo, a dúirt le Andrew go raibh gasúr óg aici a bhí ag iarraidh dul leis an cheol. D'aontaigh Andrew ar 'gig' a thabhairt dó agus ag deireadh na ceolchoirme chuir sé ceist ar Daniel cé mhéad a bhí uaidh mar luach saothair. £70 a d'iarr Daniel ach £100 a thug Andrew dó ag rá "Don't underestimate yourself lad!"
Tá an teach leanna ag Gerry, mac Andrew, anois agus gach bliain ó shin i leith, tháinig Daniel ar ais le ceolchoirm a dhéanamh. Bliain i ndiaidh bliana thug sé leis an banna ceoil céanna a bhíonn aige agus é ar chamchuairt ar fud an domhain mhóir agus níor iarr sé riamh ach an cúpa punt a tugadh isteach ag an doras le costaisí an bháid agus an bhanna a chlúdach.
Tá deireadh le sin anois, ar feadh tamaill ar scor ar bith. Tá Daniel ag glacadh briseadh ón síorthaisteal. Is cosúil nach mbeidh ach ceolchoirm amháin aige in Éirinn an bhliain seo chugainn, i gCill Airne, sílim.
Anois thar na blianta ba mhinic mé i gcomharsantacht Theach Andrew agus Daniel istigh, bliain amháin cheannaigh mé ticéad, ach níos minice ná a mhalairt bhí mé i mo stocaire ag an cheolchoirm. Ba ghnách leo na doirse a oscailt chun aer a ligean isteach agus bhí sé furasta go leor siúl isteach ann ag leathama.
Ar mhothaigh mé ciontach as an stocaireacht seo? Leis an fhírinne a dhéanamh, níor mhothaigh. Cé gurbh as Ceann Caslach do mo mháthair mhór agus go bhfuil muintearas idir mé féin agus Daniel, níl dúil mhillteanach agam ina chuid ceoil is níor éirigh mé ró-bhuartha ariamh faoi shleamhnú isteach don uair dheireanach den cheolchoirm - go díreach don chraic!
Bhí mé ag obair mall ar an Déardaoin agus níor chuir mé mo chuid gnoithe díom go dtí leath i ndiaidh a dó dhéag. Bhí cineál de thuirse orm ach ansin mheabhraigh mé domh féin nach dtiocfadh liom an oíche a ligean tharam gan cuairt a thabhairt ar an cheolchoirm ar son na mblianta atá caite. Bhí an teach lán go doras agus cúrsaí slándála níos déine ná mar a bhí blianta eile ach os rud é gaol gairid idir mé féin agus muintir an phub, ligeadh isteach mé gan trioblóid ar bith.
Cibé tuairim atá agat faoina chuid ceoil, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil ábaltacht iontach aige, tá sé snasta mar cheoltóir, tá sé greannmhar agus tá sé ábalta an slua a fhágáil ag lorg níos mó agus níos mó! Thar rud ar bith eile, is é an rud is mó a thaitníonn liomsa faoi ná an dílseacht atá aige don cheantar seo agus dá lucht leanúna. Duine fíordheas atá ann a chuimhníonn ar ainmneacha agus a théann amach i measc na ndaoine. Ní dhearna sé dearmad riamh ar an áit as a dtáinig sé agus tá meas agam ar sin.
Mar sin, cronóimid na ceolchoirmeacha bliantúla, ach mar a dúirt sé féin, níl ann ach briseadh, gach seans go dtiocfaidh sé ar ais am inteacht amach anseo fá choinne ceolchoirme eile agus bhfuil fhios agat, má thagann sílim go gceannóidh mé ticéad nó dhó!!
Aintí Brigid agus Ellen Nappy le Daniel i ndiaidh na ceolchoirme!

4 comments:

  1. @ Duine fíordheas atá ann

    Sin mar a chuala mé. Scéal deas, a chara...:-)

    ReplyDelete
  2. Scéal deas. Agus sin brí nach raibh agam le "stocaire", shíl mé baint a bheith aige le stocaireacht.

    Is maith liom an sainmhíniú sin ag Dinneen - duine a fágadh as damhsa le mailís! Nára tharlódh sin dúinn.

    ReplyDelete
  3. Roinnim an fhianaise seo le comhpháirtithe atá ag streachailt ina gcaidrimh toisc go bhfuil réiteach marthanach ann. D'fhág m'fhear céile mé féin agus ár mbeirt pháistí le haghaidh bean eile ar feadh 3 bliana. Rinne mé iarracht a bheith láidir do mo pháistí amháin, ach ní raibh mé in ann an phian a bhí cráite mo chroí a rialú. Bhí mé gortaithe agus mearbhall. Bhí cabhair ag teastáil uaim agus mar sin rinne mé roinnt taighde ar an idirlíon agus tháinig mé trasna ar shuíomh Gréasáin áit ar chonaic mé gur féidir leis an Dr. Ellen, a bhfuil litreoir aici, cabhrú leat leannáin a fháil ar ais. Chuaigh mé i dteagmháil léi agus dúirt sí paidir speisialta agus geasa ar mo shon. Is ábhar iontais dom, tar éis 2 lá, d'fhill m'fhear céile abhaile. Mar sin tháinig muid le chéile agus bhí an oiread sin grá, áthas agus síocháin sa teaghlach. Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an Dr. Ellen, cúntóir réitigh cumhachtach
    1) buaigh ar ais do iar-bhuachaill
    2) Beir fear céile agus bean chéile le chéile
    3) stop a chur le tromluí arís
    4) leigheas luibhe do VEID agus ailse
    5) Fáinne draíochta cumhachtacha
    6) charm ádh
    7) Obsessions Briseadh
    8) Fadhbanna breithe agus toirchis. Déan teagmháil leis trí EMAIL: ellenspellcaster@gmail.com
    Whatsapp +2349074881619

    ReplyDelete