Cuireann sé isteach orm, mar sin, nuair nach mbíonn an díograis chéanna i ndaoine eile. Bhí an tinteán le cur isteach i mo theach úr inniu. Os i Leitir Ceanainn atá muid na laethanta seo, b'éigean domh scairt a chur ar mo dheartháir céile in Árainn, chun scéal a fháil raibh achan seort i gceart. Ní raibh tásc nó tuairisc ar lucht an tinteáin. Níor tháinig siad isteach ar chor ar bith! Jab eile ar siúl agus dearmad déanta acu den choinne a bhí acu liomsa. Gan fiú scairt curtha acu orm. Ní raibh mé sásta.
Síos liom chuig an siopa atá acu anseo i Leitir Ceanainn. Bhí iontas an domhain ar an bhean bhocht ag an deasc nuair a d'inis mé dithe go raibh siad le bheith in Árainn inniu. Ní raibh an bas istigh. D'fhág mé uimhir, agus tamall beag ina dhiaidh sin, fuair mé scairt ag gabháil achan chinéal leithscéil liom agus ag tabhairt mionn os comhair Dia na glóire go mbeadh siad ar an chéad bhád Dé Luain!
Níorbh é sin deireadh mo chuid trioblóidí. Tá - bhí - an chistineach in ainm is a bheith a dhul isteach an tseachtain seo chugainn, ach anois ní thig leo í a chur isteach go dtí go mbeidh an teas ar siúl. Ní thig leis an pluiméir an teas a chur ar siúl go dtí go mbeidh an leictreoir réidh agus ní bheidh an leictreoir réidh go dtí go bhfaigheann sé dáta ó BSL. Níl an fear cuí i mBSL ag tabhairt freagra ar a ghuthán san am i láthair! Beidh lucht na cistineadh ag cur scairt orm amárach ag lorg dáta nua, agus níl sé agam go fóill. ÁÁÁÁÁÁ.
Shíl mé go raibh cúlú eacnamaíochta ar siúl agus go raibh oibritheoirí ag titim thar a chéile ag cuartú oibre! Níl fhios agam an mbíonn na fadhbanna céanna ag daoine a bhíonn ag tógáil tithe ar tír mór!
Ar scor ar bith, bíodh an diabhal ag an Obsessive-Compulsive, tá mise chun an t-ualach oibre atá ar mo dheasc a fhágáil ansin go maidin. Tá Suzanne ag éirí ró-chleachtaithe leis an leaba dúbáilte a bheith aici féin agus... bheul, tá mise ag éirí fuar i mo shuí anseo!