Sin é! Tá an vóta caite agam. An ndéanfaidh sé difear ar bith? Beag an seans!
An rud is fearr liom faoi lá na vótaí, ná bualadh le daoine eile ag an ionad vótála. Bíonn cineál de spion maith ar dhaoine, fonn cainte orthu, rud beag seanbhladar agus greann. Is maith liom próiséas na vótála, an páipéar a fháil i mo lámh, dul chuig an bhothán, na huimhreacha a scríobh. Tugaim uimhir do gach aon iarrathóir. An páipéar a fhilleadh agus a shá isteach sa bhocsa miotail. Is maith liom na deasghnátha a ghabhann leis mar vótáil.
Ní raibh mórán polaiteoirí taobh amuigh den ionad vótála ar maidin - ró-ghnoitheach ar tír mór, creidim, ach bhí na ceamaraí teilifíse ann. Rug bean TG4 greim orm is mé ar mo bhealach amach. Chuir sí ceisteanna orm i mBéarla agus i nGaeilge. Ní maith liom a bheith ag caint ar an teilifís mar sin, ag smaoineamh ar mo chosa. Tá rud beag cleachtadh agam ar thuairimí a chur in iúl trí mheán na scríbhneoireachta, ach aon uair a scríobhaim 100 - 150 focal, caithim uair nó uair go leith ag smaoineamh faoi, ag déanamh cinnte de go gcuirim mo thuairim in iúl go beacht snasta. Ní bhíonn an deis agat é sin a dhéanamh os comhair ceamara. Tá súil agam nach bhfuil ceap magaidh déanta agam díom féin! Ach arís, má tá, níorbh é sin an chéad uair domh a leithéid a dhéanamh!
Showing posts with label vótaí. Show all posts
Showing posts with label vótaí. Show all posts
Wednesday, February 23, 2011
Nihil sub sole novum!
Tá mé i mo shuí cois tine i ndiaidh lá measartha gnoitheach. Cé go raibh mé ar mo bhonnaí ó mhaidin, rinne mé pointe de an teilifís a chur ar siúl do dhíospóireacht na gceannairí. Cé nach bhfuil mórán dúile agam sa daonlathas, is breá liom an pholaitíocht a choimhéad mar chaitheamh aimsire. Bím ag amharc uirthi trí shúile an staraí, i gcónaí ag iarraidh í a chur i gcomhthéacs gach a chuaigh roimhe seo agus ag iarraidh anailís a dhéanamh ar mar a sheasann rudaí inniu. De réir mar a théann na blianta ar aghaidh áfach, tuigim gur fíorbheagán athrú a thig ar chúrsaí an tsaoil bhig seo!
Bhí mé ag déanamh go mbeadh an toghchán seo fíor-spéisiúil, go dtiocfadh smaointí agus aghaidheanna úra réabhlóideacha amach as, ach caithfidh mé a rá nár shíl mé mórán den fheachtas. Ní raibh a dhath ann a spreagfadh duine le hamharc ar an tsaol trí shúile úra. Fíorbheagán físe léirithe ag na polaiteoirí! Níor spreag aon duine acu mé le vóta a chaitheamh ar a s(h)on. Ar an drochuair, níor chuidigh clár na hoíche anocht liom m'intinn a shocrú. Tá vóta le caitheamh agam amárach agus fós féin, níl a fhios agam cé a gheobhaidh an uimhir mhór nó an uimhir bheag uaim.
Bhí cúpla ceist náisiúnta agus cúpla ceist loganta ag dó na geirbe orm le tamall agus bhí mé ag fanacht le cuairt nó dhó ó dhuine nó beirt den aos polaitiúil teacht chuig mo dhoras le go gcuirfinn faoina mbráid iad. Níor tháinig aon duine i mo chomhair, cé go dtáinig cúpla bróiséar ildaite frid an bhocsa poist! Ar eagla na míthuigbheála, ní ag cuartú gair, gealltanas ná freagraí a bhím ó na polaiteoirí. Cuirim ceisteanna orthu le tomhais cén sórt daoine iad, cé chomh cliste is atá siad, cé chomh maith is atá siad ábalta a n-argóintí a chur trasna, cén sórt paisean a léiríonn siad. Tharla sé uair nó dhó go dtug mé vóta do dhuine - nach raibh aon mheas agam ar a chuid polasaithe ná ar a pháirtí - bunaithe ar an chomhrá a bhí agam leis ar an tairseach! Sin an rud a bhí in easnamh le mí anuas. Domhsa, bhí na díospóireachtaí leadránach, na ceannairí ró-shnasta ag comhairleoirí poiblíochta etc etc.
Bhí nós agam fad ó shin, vóta a chaitheamh i dtreo an duine nach raibh seans ar bith aige a bheith tofa. Seans go ndéanfaidh mé amhlaidh arís amárach!
Polaitíocht an Mheánoirthir agus na hAfraice faoi láthair - anois sin ábhar a thugann cúis mhachnaimh don staraí ionam. Cuireann sé 1848 i gcuimhne domh!

Tuesday, November 23, 2010
Lá na vótaí!
Chuaigh mé fá choinne pionta i dtigh Phil Bháin i ndiaidh domh mo vóta a chaitheamh tráthnóna. Chuir fear comhrá orm faoin toghchán, an scéal cloiste aige go raibh na Glasaigh i ndiaidh olltoghchán a iarraidh. Bhí rud beag corraí air. "Caidé bhí muid ag déanamh anseo inniu? Bloody waste of time!" Ní thiocfadh liom gan aontú leis.
Rud beag eile a chuireann corraí orm. Foilseofar plean 4 bliana an rialtais Dé Céadaoin. Beidh seans ag an chuid eile den toghcheantar é a mheas sula gcaitheann siad a gcuid vótaí, ní bheidh/raibh agamsa. Tá sé in am agus thar am rialacha toghchánaíochta na n-oileán a athrú. Níl sé ceart nó cóir go mbeidh orainn vótaí a chaitheamh chomh luath seo. Ar maidin, bhí cuma 'measartha' seasmhach ar an rialtas. Fán tráthnóna bhí sé ar an dé deiridh. Cá bhfios cad atá i ndán dúinn roimh an Déardaoin? Fabht sa chóras daonlathais atá ann, measaim.
Saturday, November 20, 2010
Cuairt an Taoisigh
Tomhais cé a tháinig chuig an doras ar maidin... taoiseach na tíre é féin, Brian Ó Comhain. I dteach m'uncail in Árainn Mhór a bhí mé agus go tobann isteach an doras leis an Taoiseach, an Tánaiste, Eamonn Ó Cuív agus Brian Ó Domhnaill, iad uilig ag stocaireacht fá choinne vótaí. An dtarlódh a leithéid i dtír ar bith eile ar domhan??? Tá an tóin ag titim as an tír, an IMF agus an ECB ar cuairt ach fós féin, tá an 500 vóta anseo in Árainn tábhachtach.
Déarfadh an duine soiniciúil gur chóir don Taoiseach a bheith i mBaile Átha Cliath, a cheann crom thar leabhair chuntasaíochta, ach ní thagaim leo. Níor thug ach beirt taoiseach cuairt orainn anseo riamh roimhe, Eamon de Valera san 1940í agus Cathal Ó hEochaidh sna 1980í agus ba lá mór dúinn é cuairt seo an Chomhanaigh. Seans nach bhfuil ár gcuid fadhbanna beaga féin chomh tábhachtach sin don náisiún, ach tá siad tábhachtach dúinne!
Cuairt an-ghasta a thug an Taoiseach orainn ar maidin, ach thaitin sé liom gur bheannaigh sé liom i nGaeilge. Go minic tosaíonn polaiteoirí i mBéarla agus má fhaigheann siad leid go bhfuil Gaeilge agat, is ansin a thosaíonn siad ag caint i nGaeilge. Níorbh amhlaidh do Bhrian cóir. Ní raibh a fhios aige cé a bhí ionam, ní raibh mé i mo theach féin agus ní bheadh 'minder' éigin in ann cogar a chur ina chluas gur chóir dó Gaeilge a labhairt liom. Bhuail sé liom gan choinne agus Gaeilge ba thúisce as a bhéal. Gaeilge a labhair sé leis na páistí fosta.
Sin mo scéal mór don lá inniu. Beidh muid ag vótáil Dé Luain, trí lá roimh an chuid eile den chondae - rud nach bhfuil ceart, ach é sna rialacha leis na cianta - ar eagla nach n-éireodh le bád na vótaí a thabhairt go tír mór in am de thairbhe drochaimsire.
An bhfuil mé toilteanach vóta a chaitheamh i dtreo Fhianna Fáil i ngeall ar imeachtaí na maidine? Leis an fhírinne a inse, tá m'intinn socraithe agam le cúpla seachtain anuas cé dó a bhfuil mé a ghabháil vótáil agus cé go raibh sé deas an Taoiseach a fheiceáil, ní dóigh liom go gcuirfidh sé isteach nó amach ar na pleananna a bhí agam go dtí seo!

Mé go díreach ag meabhrú, nach saoithiúil go gcuirim sonrú ann nuair a labhraíonn ceannaire na tíre, teanga na tíre le saoránach na tíre. C'áit eile ar domhan a bhfaighfeá é?
Subscribe to:
Posts (Atom)