Tharla sé Dé Máirt seo chuaigh thart, nuair a tháinig mé amach as seomra na múinteoirí agus nuair a shiúil mé isteach i gcrann Nollag a bhí á chóiriú ag an mhúinteoir ceoil. Thóg mé raic! Ní mar gheall ar an timpiste beag a bhí agam ach as siocair go raibh sé de dhanaíocht ag duine inteacht an Nollaig a thabhairt isteach i mo shaol roimh an ochtú lá den mhí.
Bhí riail daingean agam le blianta gan aitheantas ar bith a thabhairt do fhéile lár an Gheimhridh go dtí go raibh an t-ochtú lá ann. Ní cheannóinn bronntanas, ní chuirfinn cárda, ní chuirfinn crann in airde, ní cheolfainn carúl, dhéanfainn mo sheacht ndícheall í a sheachaint mar Nollaig go dtí go mbeadh an dáta sin caite.
Ní haon drochmheas atá agam ar an fhéile. Is breá liom í, ach m'anam ó Dhia, níl ciall ar bith le tús a chur i Mí na Samhna le féile nach gcríochnóidh go dtí tús Mhí Eanáir. "Tá rud beag sparkle de dhíth orainn aimsir seo an recession", a dúirt an múinteoir ceoil liom. Ní bhfuair sí uaimse ach 'Bah Humbug".
Táthar ag magadh liom ó shin i seomra na múinteoirí. Faighim giota beaga tinsel i mbac an cholúir (focal.ie ag teip orm arís!), bíonn crónán bog 'Oíche chiúin' le cluinstin ó mhúinteoir nó dhó agus mé ag dul thar bráid, ach glacaim leis. Ná bíodh sé le rá ag aon duine gur ghéill mé ar mo chuid prionsabal riamh.
Fan go dtiocfaidh Dé Máirt. Tchífidh siad ansin, go dtiocfaidh athrú ar Ebenezer. Beidh sé ansin ina fhear a bheas lán de ghliondar agus beocht an tséasúir... ach ní oiread is bomaite amháin roimhe sin!
