Sunday, July 19, 2009

Ag Claí na Muice Duibhe

Bhí an compántas drámaíochta 'Splódar' istigh inniu. Chuir siad an dráma 'Ag Claí na Muice Duibhe' ar an ardán i halla an phobail mar chuid de Fhéile Ealaíne an Eargail. Níl an leagan Béarla den dráma feicithe agam ach chonaic mé léiriú eile den leagan Gaeilge dhá bhliain ó shin. Bhí an léiriú a chonaic mé inniu níos fearr, an-phroifisiúnta agus an snasta.
Tá mé idir dhá chomhairle faoin dráma féin. Tá ábhar trom ag gabháil leis ach tá sé briste suas le go leor grinn, damhsa agus ceol. Bhí gnéithe de a thaitin go mór liom, ach bhí amanna eile ann nuair a shíl mé go raibh sé deacair an scéal a leanstan. Creidim in amanna gur tháinig an siombalachas trom atá sa dráma sa bhealach ar an scéal. Sin ráite, bhain mé sult as. Bhí caighdéan ard aisteoireachta ann, luaim Aodh Mac Gairbhí a ghlac ról 'Tom an tAmadán' agus Proinnsíos Ó Duigneáin a ghlac ról an Chaptaen go háirithe. Sílim go mbeidh sé ar siúl i nGleann Cholm Cille amárach, má bhíonn sibh sa cheantar sin, b'fhiú dul chuige. 
Ní shílim go raibh traidisiún cleamaireachta sa cheantar seo, má bhí ní mhaireann sé inniu. Níl a fhios agam cé chomh leitheadach is atá an traidisiún in Éirinn inniu? Rud eile, an bhfuil fhios ag aon duine, an rud dúchasach don tír seo í an chleamaireacht nó an rud í a thóg muid isteach?

5 comments:

  1. An chéad uair a léigh mé an teideal seo, séard a chuala mé i m'intinn ná "ag cloí na muice duibhe". An Mhuc Dhubh? An bhfuil sí dainséarach? An bhfuil sí cosúil leis an gCat Mara?

    Is dócha go dtáinig traidisiún na cleamaireachta mar atá sí in Éirinn anois ó Shasana agus ó Albain. Ach is cosúil, freisin, go raibh traidisiún níos dúchasaí ann i bhfad ó shin, mar atá an chrosánacht. Níl ach iarsmaí di sin fágtha anois, sa tseanlitríocht.

    ReplyDelete
  2. Bhí barúil agam ó na carachtair (na cleamairí) sa dráma agus ón chaint acu gur ón iasacht ó dhúchas iad.
    An chrosánacht? Caidé sin? Níor chuala mé iomrá air sin roimhe.

    ReplyDelete
  3. Seo é an míniú atá ag http://www.dil.ie/

    crosán - buffoon, jester, reviler; poet whose metre is crosánacht. Orig. crucifix-bearer in religious processions, singer of satirical poems

    ReplyDelete
  4. Suimiúil. Bímid ag foghlaim linn i dtólamh!

    ReplyDelete
  5. D'fhéadfá a bheith ag iarraidh carr nua a cheannach, bainise a íoc nó gnó nua a thosú - is cuma cad é an chúis atá agat le hiasacht a thógfaimid le breathnú ... glaoigh ar +1 443 345-9339, atlasloanfirm.bloogspot.com

    ReplyDelete