Monday, July 20, 2009

Bhí seanbhean ann ina cónaí sa choill

Ag an bhricfeasta ar maidin, thosaigh Suzanne ag ceol leis na páistí. Amhrán nach raibh cloiste agam leis na cianta cairbreacha. 'There was an old woman who lived in the woods..." a bhí á cheol aici. Rith sé liom ansin go raibh leagan Gaeilge den amhrán sin cloiste agam na blianta ó shin.
Nach millteanach an t-amhrán é, bean ag marú a páiste? Bhí sé i m'intinn i rith an lae inniu. Cúpla ceist agam le caitheamh amach: Cad as a tháinig an t-amhrán? Cad is brí le 'weile weile waile'. Cá bhfuil 'River Saile' nó 'Abhainn na Sáile' mar atá sa leagan thíos? 
Ar scor ar bith, bhain mé triail as é a cheol le Margaret agus Dan nuair a bhí siad ag dul a luí anocht. Thit Margaret ina codladh taobh istigh de trí bhomaite. Ghlac sé tamall níos faide ar Dan titim thart. Nuair a bhí mé críochnaithe leis an amhrán a cheol, d'iarr sé orm é a cheol arís. Caithfidh sé go raibh dúil aige ann!

Bhí seanbhean ann ina cónaí sa choill
Weile weile waile,
Bhí seanbhean ann ina cónaí sa choill
thíos ag abhainn na Sáile.

Bhí leanbh aici trí mhí d'aois
Weile weile waile,
Bhí leanbh aici trí mhí d'aois
thíos ag abhainn na Sáile.

Bhí scian aici, fada agus géar
weile weile waile
bhí scian aici, fada agus géar
thíos ag abhainn na Sáile.

Sháigh sí an scian i gcroí an linbh
etc.

Tháinig trí chnag ag bualadh ar an doras
etc.

Bhí sairsint ann le trí phóilin
etc

An tusa an bhean a mharaigh a leanbh?
etc.

Is mise an bhean a mharaigh a leanbh.
etc.

Tógadh í is crochadh í
etc.

Sin an scéal faoin bhean is a leanbh
etc.

6 comments:

  1. Céard is ciall le "doo wah diddy diddy dum diddy doo"?

    ReplyDelete
  2. Nuair a bhíos óg, bhí an amhrán sin canta ag mo teaghlach go hán-minic. Bhí eagla orm roimhe ar dtús ach anois is breá liom é. Tá áthas orm go bhfuil leagan Gaeilge air, táim chun an leagan seo a fhoghlaim anois agus é a chanadh le mo phaistí féin. Tá súil agam nach cuirfidh sé an eagla céanna orthu!

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat as ucht an aistriúchán sin a chuir amach, dála an scéil.

    ReplyDelete
  4. Míle fáilte romhat! Tá súil agam go mbaineann siad sult as.

    ReplyDelete
  5. D'fhoglaim mé an t-amhrán seo agus mé an-óg. Is aisteach an t-amhrán é, gan dabht, agus ní thuigim cén fáth ar thaitin sé linn, mar pháistí, ach thaitin.

    B'fhéidir gurb é an fonn a bhí tarraingteach. Deacair a rá. Níl a fhios agam cé as a dtáinig sé agus cuireann sé iontas orm go bhfuil sé fos ag dul!

    Ar labhair Dan faoi ina dhiaidh sin?

    ReplyDelete
  6. Níor labhair, thit sé ina chodladh i ndiaidh domh é a cheol faoi dhó! Bhí sé á chuartú an lá ina dhiaidh sin arís fosta! Seans go bhfuil an ceart agat, an fonn atá tarraingteach, agus an t-athrá, b'fhéidir!

    ReplyDelete