Tuesday, July 28, 2009

Cúpla Rann

Rann beag simplí a chuala mé an lá faoi dheireadh:

Bó Bó Báinne
Fan le Hannah
Peigín léi
'Dhul do bhlíodh.

(Tobán beag a bhí sa pheigín inar cruinníodh an báinne.

Seo cúpla ceann eile. Aistriúcháin is dócha nó rannta scoile. Cuirim anseo iad mar áis do thuismitheoirí. Mar a dúirt mé roimhe, tá sé an-deacair teacht ar rannta Gaeilge do pháistí ar an idirlíon. 

Dhá éan bheag ina shuí ar bhalla
duine amháin Peadar, duine amháin Pól!
Imigh leat a Pheadair, Imigh leat a Phóil,
Tar ar ais Peadar, Tar ar ais Pól!

Lámh, lámh eile, a haon a dó,
Cos, cos eile, a haon a dó,
Súil, súil eile, a haon a dó,
Cluas, cluas eile, a haon a dó,
Cloigeann, gaosán, béal is smig
is fiacla bána sa bhéal istigh!

Chuaigh an mhuicín seo 'un mhargaidh
D'fhan an mhuicín seo sa bhaile
D'ith an mhuicín seo arán agus im
Níor ith an mhuicín seo dadaidh.
Chuaigh an mhuicín seo wee wee wee 
rith an bhealaigh 'na bhaile!

Rólaí pólaí, rólaí pólaí
suas, suas, suas.
Rólaí póllí, rólaí pólaí
anuas, anuas, anuas.
Rólaí pólaí, rólaí pólaí
amach, amach, amach,
Rólaí pólaí, rólaí pólaí
isteach, isteach, isteach!

Istigh sa zú
tá mámaí cangarú
léim anois
léim anois
léim anois go luath!

Baineann páistí s'againne an-sult astu!

3 comments:

  1. Táid ar fáil sa leabhar Timpeall an Tí le Treasa Ní Ailpín

    Chuir Foras na Gaeilge (annamh mé dá mholadh) ar CD iad a scaip siad saor in aisce.

    Níl fhios agam an bhfuil siad fós ar fail. Bhí scata CD acu ann le linn feachtas Leabhar Power [sic] bliain nó dhó ó shin.

    ReplyDelete
  2. Coinneoidh mé mo shúile foscailte don leabhar sin. :-)

    ReplyDelete
  3. Is maith leis mo pháistí féin 'Rabhlaí Rabhlaí' - leabhar agus CD as Corca Dhuibhne atá lán de rannta agus amhráin:

    http://www.tg4.ie/siopa/shop/item.asp?itemid=123

    ReplyDelete